|
ofrálacha don chailleach |
Níl cloch ná cnoc ná sliabh ná dún ná fort a chonaic mé go dtí seo ar an oileán ar fad a chuaigh i bhfeidhm orm mar a théann
an Chailleach Bhéara. Bhí mé thíos fán cheantar arís i mbliana agus d'fhág mé féirín di, m'impí féin don todhchaí.
|
Ciorcal cloiche Dhá Dhrom |
Arís, chuaigh an leithinis i bhfeidhm orm mar nach dtéann go leor áit eile. Tá sé breactha le ciorcail chloiche, clocha oghaim, dreach tíre, iarsmaí caisleáin is eile. Ach is rún í, mar leithinis, nach dtaithíonn na sluaite uirthi. Bíodh is go bhfuil mé féin sásta go maith leis sin, níor mhiste lena muintir cúpla cuairteoir eile, tá mé ag déanamh, lena gcuid euro agus dólar a fhágáil leo.
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.