Monday 28 August 2017

Slam ag Liú Lúnasa 2017



Bhí mé ag moltóireacht ar chomórtas slamfhilíochta Liú Lúnasa i mbliana. An-oíche. An-atmaisféar agus an-éagsúlacht filíochta á scríobh is á aithris ann.

Tá cúpla ceann le cluinstin ANSEO ar Player RTÉ go cionn tamaill, ar a laghad. 50 bomaite isteach. Sinéad Ní Uallacháin, a bhí ina Bean a' Tí ar an oíche, i mbun agallaimh ar na hiarrthóirí.

Tá súil agam go bhfeicfidh mé cuntas ar Meon Eile go luath, fosta. 

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.