Tuesday 19 September 2017

Is iomaí bean

https://lifeintheboomerlane.com/2012/01/06/friend-me-tag-me-call-me-in-the-morning/old-women-with-laptop/ 
Má tá 5 bhomaite le spáráil agat - cúpla focal ag cur síos ar dhaoine thíos a chuirfeas soir siar ó thuaidh thú.
Panu Höglund a chuir le chéile.




Is breá liom an focal doirneog 
doirneog
Is iomaí meabhróg a bhfuil ábhar léi á léamh agam  sa saol atá inniu ann. 
Mary Beard, meabhróg
Ach nach deas tamall de do shaol a chaitheamh i do ghiodróg (nó streabhóg)
giodróg
Caithfidh mé a admháil, ó thaobh na gruaige de, bím i mo stothallóg ar maidin
stothallóg maidine 
Is breá liom cailín gur scianáid í - ní miste a bheith i do raicleach ó am go ham. Níor fhág bean mhúinte marc ina diaidh...
 Lucy Lawless mar Xena
Ní drochrud é bheith i do ráiteog nó i do rálach nó i do ráitseach ach an oiread . . . níl againn ach turas amháin ar an domhan seo. Bainigí sult!
Marlene Dietrich mar Chaitríona Mhór na Rúise


Agus na fir? Seans go mbeidh níos faide ná an cúig bhomaite féin le cur isteach ag taighdiú na bhfocal seo a leaans:

ciotachán 
railse fir nó caoilteamán
rachta fir nó scafaire
spailpín
craimpín
craiceálaí
cráiceachán  , nó claiséir
scúille versus scúilleachán
scóitséir
diúgaire nó geocach
radaire, á, tá aithne againn ar fad ar radaire amháin sa teaghlach, ar a laghad ...
spanlóir
anglaisnótae bán nó scileagailí, ar nós scraidín, cleitire, marla, somachán...
angarúnach
súgán gan chasadh nó stróinse
strambán
spuraicleach
sogaí ag géilleadh do chaint an slusaí
grágánach nó  stothaire nó cifeartán - na mic léinn mar a thagann siad abhaile chugainn ag deireadh an chéad téarma?
falsóir, leisceoir, scraiste, slúiste...níl aithne agam ar dhuine ar bith acu siúd...
aithníonn fámaire  foirneálaí eile
pílí Putin?
pontaire, tachrán, lámhacánaí
graoisín
tuathánach nó tuathalán
preicleachán
cainceachán
malraigh


ó:

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.