Tuesday 24 October 2017

Easpa codlata i Muineachán


Seanteach, ach fuinneoga nua
An chéad oíche bhí ceol ait ar an aer taobh amuigh. Gaoth, arsa mise liom féin. Gaoth agus teach mór agus seanaois ag teacht ar an áras céanna. Bhí na comhlaí fuinneoige ag bualadh ar a chéile go bog. Seanteach, arsa mise. Ach bhí na fuinneoga breá nua. Bhí gíoscán ait ón ghlas sa doras go mall san oíche, nach raibh de mhíniú agam air ach na meisceoirí thíos staighre sa chistin ag messáil liom. Thiontaigh mé sa leaba i dtreo an dorais agus choinnigh mé súil air go dtí gur thit mé i mo chodladh, an lampa taobh na leapa gan mhúchadh.

Bhí mé ag fanacht in Ionad Tyrone Guthrie, tá roinnt seachtainí ó shin anois. Teach mór mílteach atá ann, áit cónaitheachta ag ealaíontóirí, scríbhneoirí, ceoltoírí, aisteoirí, damhsóirí . . . Cóirithe agus maisithe agus te teolaí mar theach, tá só agus suaimhneas ann le díriú isteach ar do cheird, cibé ceird é sin. I rith an lae, cibé ar bith.
Is iomaí scéal atá ag daoine fá Eanach Mhic Dheirg. An Teach Mór agus an loch agus na coillte. Taibhsí, a deir roinnt acu. Línté ársa cumhachta ósnádúrtha, de réir daoine eile. Seanteach agus piseoga, a shíl mé féin . . . sula ndeachaigh mé a stopadh san áit.

An dara hoíche bhí an doras den seomra taobh liom ag déanamh clatráil millteanach achan uair a chuaigh cibé duine a bhí ag stopadh ann isteach ná amach as an seomra. Luaigh mé é seo an mhaidin dar gcionn le lucht an tí, na mná a choinníonn slacht agus caoi ar an áit.
'Ach tá an seomra sin folamh. Beidh ceoltóir ag teacht inniu ach níl sé abhus go fóill.'
Agus d'amharc siad orm, dreach ina guid súl nár thuig mé. Nach raibh mé ag iarraidh a thuigbheáil.
Ní raibh aon neach beo ar an léibheann
An tríú hoíche bhí an doras den seomra taobh liom ciúin. Ach thosaigh an ghaoth ag éagaoin taobh amuigh den fhuinneog arís. Stoirm san aer, a dúirt mé liom féin. Luigh mé ansin, an lampa taobh liom lasta. Ní raibh sé ag gabháil a bheith múchta agam an oíche sin.
Go tobann, bhí cliotar cleatar ollmhór i gcoirneál an tseomra. Shílfeadh duine gur thit cúpla barra iarainn, nó maide briste iarainn, nó rud éigin den saghas sin, ar chláir urláir adhmaid. Sa choirneál. Sa choirneál, i mo sheomra. Áit nach raibh ach cairpéad ar fud an urláir ar fad..
Níor lig an scanradh dom bogadh ná smaoineamh ar feadh cúpla soicind. Ansin, shíl mé go gcaithfeadh daoine eile é a chluinstin, bhí an clampar chomh callánach sin. Shuigh mé sa leaba. Cinnte, chuala mé díoscán cúramach ar an staighre taobh amuigh. Ansin, díoscán eile, agus ceann eile. Ach nuair a chas mé murlán an dorais bhí an léibheann folamh. Agus bhí an teach chomh ciúin le tuama. Níor tháinig duine de mo chomhair. Níor chuala duine ar bith eile an fuadar. Ní raibh neach daonna le feiceáil.
Ní raibh aon chláir urláir agam...
D'iarr mé seomra eile ar fhoireann an tí an mhaidin dar gcionn. Dúirt mé go raibh an seomra ró-fhada ón leithreas . . . Bhí faitíos orm a rá go raibh rudaí le cluinstin nach raibh míniú agam orthu.
Tá muintir an tí an-tugtha do scéalta faoi thaibhse sa teach, ar ndóigh, taibhse de bhean darb ainm Miss Worby. Tá cuntas Twitter acu a bhfuil an t-ainm céanna air, fiú. Agus Miss Worby's Room a bhí agam go dtí seo, an áit a raibh an ruaille agus an buaille.  Ach ní dóigh liom gur Miss Worby a bhí ann. 
Tá sé le rá faoi Miss Worby go suíonn sí ar do chosa san oíche, nó go gcóiríonn sí do sheomra duit. Ach ní fhaca mé rud ar bith. Níor mhothaigh mé aon duine ag suí ar mo chosa agus mé sa leaba. Bhí mo sheomra chomh clarty agus a bhíonn de ghnáth. Ach bhí rud éigin ag cur isteach ar chodladh na hoíche, agus bhí an rud éigin sin ag éirí níos dalba, dána achan oíche.

Munar chreid lucht an tí mo scéal faoi chúrsaí ionnalta, níor lig siad orthu. Ceadaíodh seomra eile dom. San áiléar. Bhí mo mhála pácáilte agus na bráillíní bainte den leaba don lucht glanta tí chomh scioptha le gaoth Mhárta. Bheadh codladh na hoíche agam go fóill sa teach.
neadaithe i mbarr an tí
Chuaigh mé in airde an tí agus shuigh mé sa chathaoir uilinn sa seomra nua, ag éisteacht le ceol binn  na n-éan taobh amuigh. Suaimhneas. Suaimhneas agus síocháin agus ardú croí.

Beidh mé gonta. Cibé taibhse nó púca nó eile a bhí ann, lean sé/sí mé. Chuala mé rudaí nárbh fhéidir a bheith fíor. Cé a dhéanann cnag ar fhuinneog atá ar an tríú stór? Conas a chluineann tú pianó á bhogadh thart ar a trí ar maidin nuair atá an teach ina chodladh agus an pianó is gaire duit dhá stór thíos fút agus ar an taobh eile den teach? Conas a ghlasálann doirse iad féin? Ní dóigh liom gur Miss Worby a bhí ann. Ach tá neacha eile san áit sin.
Chuig seomra Miss Worby cha dtéim níos mó...
Cuachta isteach i measc na gcrann i gContae Mhuineacháin, tagann daoine agus imíonn daoine fán teach sin i rith an ama. Scríbhneoirí. Lucht ceoil. Ealaíontóirí. Ach tá rudaí sa teach sin nach bhfágann choíche. Súil agam nár lean sé abhaile mé.


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.