Friday 16 February 2018

Ag fanacht ar bhád oiriúnach do Thonntaí Thoraí

Bhí scaifte againn ag fanacht ar mhuintir Thoraí landáil taobh amuigh den Dáil i mBaile Átha Cliath an lá faoi dheireadh, le cur lena nguth in éadan chinneadh na roinne ar an bhád nua farantóireachta. Muna bhfuil an Rí is an pobal sásta, níl éinne sásta.

Bhí Teachtaí Dála ann. Tá roinnt acu thíos. 
Aonghus Ó Snodaigh T.D.  agus Síle Nic an Ailí agus Rosie Ní Laoghaire 
Thomas Pringle T.D.
Micheál Mac Donncha, ArdMhéara Átha Cliath

Tá roinnt eile a bhí ann nach bhfuil sna pictiúirí - Piaras Ó Dochartaigh, agus iarbhall na Dála, Pat the Cope. Ach tá mé beag, is ní raibh mé in ann pictiúr de gach éinne sa slua a ghlacadh - má tá tú íseal cailltear sa slua thú agus cailleann tú amach ar dhaoine eile ag dul thar bráid. Ní fheiceann tú ach cótaí agus hataí, faraor...
daoine níos airde ná mé féin achan taobh
An Snodach Shinn Féin agus An Caomhánach Glas i mbun cainte
Edel Ní Bhraonáin, scríbhneoir
Máire Burns, a chaith trí bliana ina cónaí istigh ar an oileán
Rónán@3 ag déanamh réidh le craoladh
ansin landáil muintir Thoraí, ag siúl aníos an tsráid, ag gabháil ceoil is ag seinnm an bhosca, leis. Bhí speechannaí ann, bhí daoine a d'éalaigh chuig an phub go luath, bhí craic ann. Tá súil againn go mbeidh réiteach ann. Is furast pobal a scrios trí easpa cúraim.

Patsy Dan, Rí Thoraí,i mbun cúirte, curtha is cúitimh i ndiaidh an lae fhada


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.