Wednesday 21 February 2018

No more Merikay


Tá seandialanna agam sa bhaile. Ó bhí mé sna déaga. Thosaigh mé ag scríobh iontu nuair a fuair mé ceann mar bhronntanas Nollag i 1972. I mBéarla a scríobh mé ar dtús, ach thiontaigh mé ar an Ghaeilge nuair a bhí go leor Gaeilge foghlamtha agam le mé féin a chur in iúl. Bhí mé ar an bhunc uachtarach i seomra le triúr deirfiúr. Bhí príobháideachas de dhíth orm. Ní raibh focal Gaeilge ag an bheirt níb óige ag an am, agus ní raibh suim ag an deirfiúr níos sine i mo chuid scrioblála.

Sciorraim tríd na leabhair seo ó am go chéile. Níl siad chomh suimiúil is a shílfeá, ar ndóigh - bhí go leor laethe nach raibh agam ach scoil (síos an bóthar) agus teilí (BBC, UTV agus BBC2)Nó dinnéar (ispíní) agus obair bhaile (barraíocht) agus leaba (ró-luath). 

Ach anois is arís bíonn corrphíosa ann a mhúsclaíonn fiosracht. Nuair a bhí mé sa chúigiú bliain ar scoil, mar shampla, agus mé sé bliana déag, bhí iontráil agam i Mí Eanáir na bliana sin. 1977. Bhí an prefect a bhí againn imithe gan rabhadh. Bailithe amach as an scoil. B'ionann prefect agus cailín ó bhliain níos sinsearaí a mharcáil an rolla don rang ar maidin agus a chuidigh le hord a choinneáil nuair a bhíodh tionól againn (paidreacha agus fógraí. Agus iomann, in amanna.). Ach bhí sí imithe.

Agus ní raibh a fhios ag duine ar bith cá ndeachaigh sí, nó cad a tharla di. Shíl mé go raibh sé amaideach ar fad imeacht an Nollaig roimh do chuid scrúduithe 'A' leibhéal. An oiread sin de bhlianta a chaitheamh ag dul don staidéar agus é a chaitheamh san aer. Bhí cantal ceart orm faoi, sa dialann. Bhí an seanphrefect deas, cairdiúil, ach anois bhí muid ag roinnt prefect nua le rang eile. Bhí sé de chliú uirthi siúd a bheith crosta, confach agus go ndéanfadh sí tú a mharcáil mall fiú má shleamhnaigh tú isteach díreach nuair a bhuail an clog scoile. 

Ní raibh sé de chiall agam féin ná ag formhór na gcailíní thart orm a thuigbheáil gur imigh cailíní agus níor tháinig siad ar ais ariamh mar gur cuireadh orthu gabháil go tithe a rith mná rialta, mar go raibh siad ag iompar clainne. 1977. 

Fiú nuair a chuaigh an scéal thart faoi chailín sa rang againn féin a d'imigh, níor thuig muid i gceart. Anonn go Meiriceá, a dúirt siad. Ach nach Meiriceá a bhí ann, a chuala muid, ach teach mór éigin thíos faoin tír sna sé chontae fichid. Bhí sí ag iompar clainne, a dúirt na ráflaí, agus bhí sí ag scríobh cártaí poist sa teach mór seo abhaile, cártaí poist le pictiúirí de Mheiriceá orthu. Nua Eabhrac. Agus chuir na mná rialta na cártaí poist anonn go Meiriceá agus chuir an sagart thall ansin stampa Meiriceánach orthu agus chuir sé na cártaí sa phost ansin agus... agus.... agus níor chreid muid a leithéid de scéal áiféiseach ag an am.

Ach níor tháinig na cailíní sin ar ais chun an bhaile s'acu féin. Ná a gcuid páistí. Ariamh. 


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.