Wednesday 16 May 2018

Cití na gCumann


ceann de na bealaigh suas chuig an Grad

Smaoinigh . . .  ar an samhradh in Éirinn. Anois, bí ag smaoineamh ar Éirinn leis an bháisteach ach le teocht níos fearr agus rud beag níos tirime ná mar a bhíonn againn de ghnáth. Sin an aimsir sa Slóvéin i láthair na huaire.
fíonghort an Grad
Inné, mar shampla, bhí báisteach agus toirneach agus tintreach againn ar maidin.
Ach tráthnóna, i ndiaidh an mhaidin a chur isteach ag obair, bhí scíste de dhíth orm agus shiúl mé suas sliabh agus síos gleann, ar leac an dorais san ait a bhfuil mé ag stopadh.
i lár na cathrach ach i lár na páirce chomh maith. 
Ní rud mór é, go bhfuil mé in ann dul amach thar an táirseach agus bheith in ann siúl i bpáirc agus foraois taobh istigh den chúpla nóiméad, ar ndóigh. Is mar sin atá mórchuid na cathrach - tá an áit beag agus gleoite, le cúinní dúlra gach áit.
Ach is buntáiste an ghrian bheith ag taitneamh rud beag níos minicí ná in Eirinn. Tagann an saol mór amach ag spaisteoireacht isteach chuig na caiféanna agus na seastáin uachtar reoite ar an Domhnach, is léir. Bíonn an áit beo le muintir na háite agus le turasóirí, gan a bheith míchompordach.

ag amharc anuas ó bharr an chnoic ar an tithe ar an mhala
Cibé ar bith, fuair mé go leor oibre déanta inniu. Chuir mé suntas in ainm an phríomhcharactair agus mé ag déanamh roinnt taighde ar an idirlíon. Cití. Ní Cití na gCumann a chan Clannad, nó leagan uirlise Linda Brockinton, nó a ceoladh go minic i gcomórtais sean-nóis, ach Cití eile. Beidh a scéal amuigh ar ball.


Is a Chití na gcumann ná séan mé
Siúil feasta 'gus éalaigh liom
I ngleanntáin coilleadh nó sliabh' amuigh
Nó sealad faoi bhláth na gcrann
Do phósfainn i ngan fhios don tsaol thú
'S don tsagart dá mbfh'fhéidir liom
'S muna bhfaighfear sinn ceangailt' in Éirinn
Ó racham araon anonn.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.