Ceann de na ráitis atá ag dó na geirbe do dhaoine faoi láthair ná 'Dá mbeadh ginmhilleadh ag do mháthair in áit tú a thabhairt chun saoil ní bheifeá anseo inniu.'
An bhfuil daoine ag éisteacht leo féin agus iad ag caint nó an dtagann na focail amach as a stuaim féin gan bheith ceangailte leis an intinn?
Dá mbeadh an bhean ag iarraidh ginmhillte is ionann sin is a rá go raibh cúis mhaith aici - ní tharlaíonn aon ghinmhilleadh gan chúis. An duine a chreideann an dearcadh thuas arbh fhearr leo go mbeadh mná daortha chun fadhbanna sláinte agus fadbanna saoil an chuid eile dá solas? Nó chun báis, i roinnt cásanna.
Ach tá daoine ag cur leis an ráiteas seo ar Twitter, ar ndóigh. Agus tá neart le rá acu ...
Ní bheifeá anseo dá leagfadh an bus 39A do mháthair an lá sin a bhí sí ag teacht abhaile ó Superquinn agus bhí sí ró-ghafa ag beannú do chara léi trasna an bhóthair le suntas a chur sna soilsí tráchta.
Ní bheifeá anseo inniu ach gurb é gur thóg d'uncail do mháthair abhaile, nuair a bhí sí ag siúl amach leis-sean, agus thit d'athair i ngrá léi agus níl an bheirt fhear ag caint le chéile ó shin, agus ní thiocfaidh d'uncail chuig do bhainis mar tá sé i ngrá le do mháthair go fóill, ina chroí.
Ní bheifeá anseo ach gur thréig d'athair an staidéar le dul sa chléir an lá a chuaigh Coláiste na Sagart chun na trá agus chonaic sé na mná óga sin ón choláiste oiliúna ina gcuid bikini.
Ní bheifeá anseo ach go ndeachaigh do mháthair chuig an choláiste samhraidh chéanna is a bhí d'athair ann, bliain.
Ní bheifeá anseo ach gurb é go raibh ginmhilleadh ag do mháthair roinnt blianta ó shin sular chas sí le d'athair, ar Caitliceach dílis é, agus níl a fhios aige go dtí an lá seo inniu go raibh an ginmhilleadh aici.
Ní bheifeá anseo munar tháinig na Lochlannaigh a dhéanamh trádail agus lonnaigh siad anseo agus rinne Lochlannach cleamhnas le hÉireannach arbh í do shinsinsinsinsin ... (srl.) seanmháthair í.
'Ah, shure, cuirfimid an milleán ar na mná. Mar is gnáth.' Basilica St. Denis, Páras |
Sna nóchaidí bhí mé i mo chónaí i mBaile Bhlainséir. Bhí mo chuid páistí óg, bhí páistí óga achan áit ar an tsráid. Bhí toirchis go leor ann.
Bhí triúr cailín beag ag an bhean béal dorais agam, Terry. Bhí sí féin agus a fear céile ag dúil leis an cheathrú páiste, agus súil acu gur buachaill beag a bheadh ann.
Ní raibh an toircheas ag gabháil ró-mhaith, bhí an méid sin soiléir luath go leor. Ní raibh an téarma ar eolas againn ar an tsráid ag an am ach hyperemesis gravidarum a bhí ann. Ní raibh Terry in ann ithe, ní raibh sí in ann tae nó sú oráiste nó bainne a choinneáil ina goile. Chaith sí aníos gach uile rud seachas uisce.
Bhí sí isteach is amach as ospidéal an Chúim gach uile sheachtain. Chaith sí an méid is mó ab fhéidir léi den lá sa leaba, ach bhí triúr páiste aici agus ní raibh a muintir thart. Dá dtuigfidís cé chomh holc is a bhí sí seans go mbeadh, ach ní bhfuair sí féin aon eolas le hinse di go raibh rudaí chomh dona sin. 'Toircheas, a bhean. Ar aghaidh leat.'
Tháinig mé abhaile oíche Dhomhnaigh ar leith, i ndiaidh deireadh seachtaine a chaitheamh ó thuaidh, agus tháinig comharsa isteach chugam.
'Tá Terry marbh.'
Tháinig an t-otharcharr agus thug siad leo í, ach bhí sé rómhall. Bhí sí féin marbh agus an féatas sa bhroinn, leis.
Ní raibh an t-ospidéal sásta aon rud a dhéanamh mar ní raibh a saol i mbaol roimhe sin.
Bhí airgead sa Roinn Sláinte gann. Mar sin níor thairg siad leaba di, le diltálaire le huisce sáil agus eile. Ach i ndeireadh na dála, ní raibh ann ach toircheas eile, agus mar gheall ar an Ochtú tá cead agus lánchead déileáil le bean amhail is nach neach daonna í. Tá cultúr brocach salach dímheasúil á fhaidiú agus á fhadú ag an Alt seafóideach seo.
Agus tá Terry, agus mná eile, marbh. Níl a n-ainmneacha ar ár mbeola mar atá le Savita Halappanavar nó Michelle Harte nó Sheila Hodger, ach tá siad marbh, agus teaghlaigh fágtha ina ndiaidh.
Dá mbeadh meas againn ar mhná...
In am againn an tAlt náireach seo a aisghairm.
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.