Friday 25 May 2018

Aoife



Bhí mé ag obair ar an fhoireann chéanna le hAoife ar feadh roinnt bliana. Phós sí, agus in am tráth d'éirigh sí torrach. Bhí sceitimíní uirthi mar gheall air seo, an chéad pháiste dá clann féin. Rinne gach duine ar an fhoireann comhghairdeas léi. Bhí loinnir sna súile aici, bhí gáire ina glór

Ansin tháinig sí isteach lá amháin agus ní raibh aon lúcháir uirthil. Bhí an fuinneamh imithe as a coiscéim. Chuaigh an scéal thart - ní bheadh aon leanbh ann. Bhí corp an linbh ag fás ann ach bhí rud éigin cearr leis an inchinn agus ní shaolófaí aon leanbh ina bheo. Chaithfeadh sí an leanbh marbh-ach-ag-fás a choinneáil sa bhroinn go cionn go leor míonna eile go dtí go sceithfeadh a corp é go nádúrtha. Mar ní raibh aon chead ag na dochtúirí an féatas gan dóchas a bhaint amach.

Gach lá ar feadh roinnt seachtainí tháinig sí isteach agus theagasc sí déagóirí a bhí ag iarraidh bheith deas léi, le foireann a bhí ag iarraidh labhairt ar aon ní eile faoin spéir ach toircheas agus a gcuid páistí féin. Dimigh an gáire aisti, an lúcháir, an dóchas.

Tháinig sí ar ais i ndiaidh laethe saoire na Cásca agus ní raibh sí torrach a thuilleadh. Níor chuir aon duine aon cheist os ard.

Vótálaigí #TÁ inniu. Le mbur dtoil.


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.