Tuesday 26 June 2018

Gazpacho agus brothall



Ní shamhlaítear rabhadh sábháilteachta i gcuideachta le gazpacho, mórán. Gazpacho, sú fuar ó Andalucía i ndeisceart na Spáinne, bia a chuireann fuacht ar ais i do chorp na laethe teo seo. Bíonn na hAndalúisigh ag cur is ag cúiteamh faoin oideas is fearr, ar nós mhuintir na tíre seo ag argóint faoi chodailarán prátaí versus bocstaí. 

Níl a leithéid inchosúil leis, ar lá te. Rinne mé slam mór de ag an deireadh seachtaine, agus dar liom chuirfinn an t-oideas in airde ar an bhlag agus mé ag dul don dara pota. Ach thit an fón as mo láimh agus shlog an gazpacho é.

Níl mórán pictiúirí agam don phóstáil seo, mar sin, nó bhí mé chomh buartha sin an fón a sciobadh amach as an bhabhla sú agus a thriomú nar bhac mé le piceanna. Ach mar a deir an nath, tá cúpla ceann anseo a thóg mé níba luaithe, sular thit an lug ar an lag, i.an t-úll sa ghairleog. Chan sméar dubh, mar a bhí Daithí Murray gasta go leor lena lua ar Twitter.

Cibé ar bith, seo an t-oideas 'gasta' chun gazpacho a ullmhú.

Ceithre bhabhla gazpacho - leagan 'gan stró'

Gearr a leath de chúcamar agus a leath de phiobar milis (buí nó dearg nó glas) isteach sa phróiseálaí bia
Caith isteach ionga gairleoige (gearrtha suas), agus oinniúin beag bídeach nó a leath d'oinniúin beag, gearrtha go measartha mion.
Canna trátaí réamhmhionaithe
Pinse salainn

Cuir an próiseálaí ag próiseáil go dtí go bhfuil an meascán mionaithe, mín, réidh.
Is féidir é a ullmhú agus a chur sa chuisneoir an oíche roimh ré.

Sula gcuirtear ar an tábla é, tóg ciúbanna leac oighir as an reoiteoir agus cuir 3-4 chiúb isteach i ngach babhla. Doirt isteach an gazpacho.

Tá roinnt gairnisí gur féidir a chur leis, más mian leat. Cúcamar nó trátaí nó oinniúin earraigh mionaithe, uibheacha cruabhruiteacha agus gearrtha, croutons, srl.

Ach má tá an lá te agus an corp ag leá roimh an ghrian scalltach, tabharfaidh an sú féin gan ghairnis faoiseamh duit. Just bí cúramach agus ná bac le pic a ghlacadh de....


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.