Wednesday 19 December 2018

Málta uirbeach

cúlshráid, Valletta
Má tá Málta beag féin, is amhlaidh go bhfuil difríochtaí idir an tuath agus na ceantracha uirbeacha díreach mar atá sa bhaile in Éirinn. Sna ceantracha uirbeacha go háirithe, tá an tionchar Iodálach le feiceáil san ailtireacht - amharc ar na fuinneoga a ghobann amach ó na hurláir uachtaracha sna tithe thuas, mar shampla. Is léir go bhfuil gach orlach luachmhar. Níor tógadh na sráideanna seo do charr agus capall ach do dhaoine de shiúl na gcos. Bíonn na sráideanna cúng, le tithe arda ann (trí stór nó níos airde).
seansoirn tí, Ta'Kola, Ghawdex
Déantar na tithe agus na caisleáin d'aolchloch, rud a fhágann dath buí ar na tithe. Ceann de na míbhuntáistí a bhaineann le haolchloch, áfach, ná go bhfuil sí póiriúl. Súitear isteach taise agus boige na farraige go réidh sa chloch. Níl fadhb leis seo i míonna teo na bliana, ach sa gheimhreadh roinneann na ballaí a gcuid taise leis an taobh istigh den teach agus a bhfuil ar mairstin ann go fial... Agus mar nach bhfuil mórán crann ar an oileán beag sceirdiúil seo ní bhíodh sé de chleachtadh ag na Máltaigh teallach ná tine a bheith acu sna seantithe. Ní bhíodh go leor brosna ann chun teas a chothú sa teach, choinnítí cibé adhmad a bhí acu d'fhonn ullmhú bi ar shoirn bheaga a shuigh ar bharr tábla nó cúntar cloiche.
Is iomaí Máltach i seanteach a bhíonn ag gearáin faoin fhuacht ina gcuid cnámha i rith na míonna fuara (agus Éireannach, mar a fuair mé amach agus mé ag fanacht i seantithe i Mí Feabhra 2017 ar mhaithe le taighde). Teach a tógadh i ré na Sasanach a bhí ann (impireacht Shasana, a tháinig i réim ar an tír le linn na gCogaí Napoléon). Bhíodh sorn agus simléar cré ann nuair a tógadh an teach an chéaduair chun gaolta na saighdiúirí Sasanacha a choinneáil ann, ach thar am thit an simléar as a chéile agus tógadh amach an sorn. Níor cóiríodh aon sorn ná teallach ina áit.
Birgu. Tithe de réim na Sasanach.
Lena chois sin tá go leor teach i Málta nach mbíonn gloine sna fuinneoga thíos staighre. Mar a bhí sa teach áirithe i mBirgu. An ceann gan teallach gan tine...  Bhí muid connáilte an trí lá a raibh muid ag stopadh ann.
Valletta - chun na farraige síos
Ar nós bailte móra eile ar fud na Meánmhuire bíonn siopaí beaga ag rith suas síos na sráideanna. Seo thíos roinnt siopaí i Valletta, agus sloinnte scríofa os a gcionn, sloinnte atá coitianta ar an oileán. Tagann go leor de na sloinnte ón Iodail - an tSicil go háirithe - nó ón Aifric, nó ó Shasana. 


Rud a chuir iontas orm ná bhí an-ghlacadh ag na Máltaigh cathrach seo leis na dreamanna a tháinig ón choigríoch leis na céadta bliain anuas - na ridirí Eoin, na hIodálaigh, na Francaigh agus na Sasanaigh. D'fhág gach dream a rian ar na ceantracha seo - ailtireacht, ceol, litíocht. Tá focail iasachta ón Iodáilis agus ón theangacha laidineacha eile fite fuiate tríd an teanga árabach seo. Tá crot dúchasach curtha orthu, chan ionann agus focail Bhéarla, a fhanann díreach mar a deirtear iad i mBéarla, gan aon mháltú déanta orthu. Tarlaíonn na focail seo, mar shampla,  children's allowance, minimum wage, unemployment, tarlaíonn siad i lár comhrá i Máltais gan aon athrú déanta orthu. 
an príomhospidéal ar Mhálta le linn 1914-1918
Tá imní á ardú ag lucht teanga go bhfuil an lámh in uachtar ag an Bhéarla cheana, go háirithe i measc an aosa óig. Ach tá Málta ina mol do lucht saibhir idirnáisiúnta, a bhuíochas leis an chóras fial cánach atá aige le hinfheistíocht a mhealladh. Tagann siad ón Eoraip, ón Afraic agus ó Mheiriceá den chuid is mó. Agus Béarla an lingua franca acu. 
Valletta - siopaí beaga ag druidim 
Tá Málta uirbeach ag athrú go gasta de réir mar a éiríonn an seandream as a bheith ag obair. Sa phictiúr thuas, mar shampla, tá an talamh a bhfuil an teach/siopa tógtha air thar a bheith luachmhar. Ní bheidh an dream óg ag iarraidh an seanghnó a choinneáil sa siúl - bíonn siad uilig oilte ar thríú leibhéal agus ag dréim le jabanna a oireann don oideachas atá faighte acu, nó ag dréim le taisteal thar lear go cionn tamaill. D'fhéadfá bheith i nÉirinn...

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.