Thursday 3 January 2019

Málta na tuaithe

páirc agus barr piorra deilgneach, Ghawdex (Gozo)
Má bhogann tú amach as na ceantracha uirbeacha agus na ceantracha mórthurasóireachta i Málta, athraíonn go leor rudaí. Tagann tú ar dhaoine arb í an Mháltais an chéad teanga acu agus gan acu ach beagán Béarla. Tagann tú ar dhaoine a choinníonn amach uait go dtí go bhfaigheann siad amach nach Sasanach thú. Agus nuair a fhaigheann siad amach gur Éireannach thú is amhlaidh is mó comhrá a fhaigheann tú uathu.
balla aolchloiche, Dingli 
Cuireann an tuath ansin an tuath in Éirinn i gcuimhne domh - páirceanna beaga le ballaí cloiche (bíodh is go bhfuil dath buí na haolchloiche i gceist), dreach tíre atá álainn ach garbh, crua, agus deacair le bheith beo air. Ní comhtharlúint ar bith é gur fhág Máltaigh na hoileáin acu díreach mar a d'fhág na hÉireannaigh - bhí sé ródheacair ag clanna móra bheith beo ar na gabhair agus na glasraí. Bhí Málta ariamh anall bronnta ó phrionsa Eorpach go prionsa Eorpach eile mar dhuais gan mhaith nuair a bhí masla le tabhairt mar go raibh an talamh chomh clochach agus foinsí uisce chomh fánach. Bhí agus tá tabhacht ar leith ag prátaí, díreach mar atá in Éirinn - barr a fhásann go maith i dtalamh dúshlánach.  Agus mé ag tabhairt faoi thaighde ar an oileán rinne mé go leor comhrá le scríbhneoir Máltaise, Rita Saliba (i Máltais, le fotheidil Freaslainnise). Ceann de na cuimhní a roinn sí liom ná ag iompar uisce i gcannaí móra amach chuig a hathair sa ghort  nuair a bhí sí óg - jab a bhí aici féin agus ag a deirfiúr. Muid féin báite ag barraíocht uisce anseo, a mhalairt d'fhadhb thall.

páirc, Dingli
Tá suaimhneas le fáil faoin tuath i Málta, ar ndóigh. Ach tá seoda ann ar fiú am a chaitheamh iontu. Ghawdex (Gozo), Buskett agus Chadwicke i Málta féin. Cúlbhóithre agus bailte beaga.
Chadwicke (taobh amuigh de Mdina)
Chadwicke



Ghawdex. Ní hann don droichead a thuilleadh - thit sé isteach san fharraige cúpla seachtain i ndiaidh domh an pic seo a ghlacadh - suíomh amháin nach mbeidh i gCluiche na Corónach a thuilleadh...
páirceanna Ghawdex




No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.