Wednesday 9 January 2019

Forti San Anġlu

Senglea ó Forti San Anġlu
Nuair a dhearcann tú ó Valletta anonn go príomhbheairic Málta, Dún San Anġlu, is furasta a shamhlú cé chomh deacair is a bheadh sé ionsaí a dhéanamh ar an phríomhphort. Téann stair an dúin siar go dtí an séú céad déag, nuair a bhí na hEoinínigh (Ridirí Eoin Dé) i réim, agus cuireadh leis an daingniú go rialta de réir mar a tháinig fórsaí eile i réimeas ar an oileán. Tháinig na Francaigh san ochtó céad déag agus ansin na Sasanaigh ó 1800 ar aghaidh.
 Bheirtear Fort San Angelo air in Iodáilis, agus St Angelo's Fort i mBéarla. Cluintear iad uilig, agus úsáidtear iad uilig. Tá go leor téarmaí ón Iodáilis i Máltais, agus tuigeann agus labhraíonn go leor Máltach Iodáilis mar dara teanga. Mar an gcéanna le Béarla, sna cathracha, ar a laghad.
Birgu
Chaith m'athair mór tréimhse ghairid sa dún céanna, ag foghlaim gunnadóireachta. Ach cuireadh ag obair sna hospidéil é, ar nós go leor Éireannach eile, i ndiaidh 1916. An é nach raibh raibh muinín ag na Sasanaigh as aon Éireannach de phór náisiúnach a thuilleadh? Cinnte, ní raibh coinscríobh in Éirinn. Ní raibh an pholaitíocht ag an am in oiriúint dó.  Ní raibh coinscríobh i Málta ach an oiread. D'oibrigh na Maltaigh sna clósanna longa den chuid is mó, agus ar na duganna. Bhí pá íseal agus bhí praghas aráin daor. Bhí fir a liostáil i gcabhlach na Sasana - cuid mhór acu pósta, chan ionann agus fir óga shingil coinscríofa Shasana -  agus d'oibir siad sa chistin ar bord loinge nó sheinn siad i gceolfhoirne na n-oifigeach. Fuair go leor de na Máltaigh bás i gcogadh na hIútlainne agus iad ar bord na longa ansin. 

Tá an dún suite in Birgu, ach gur tugadh (agus tugtar go fóill, in amanna) Vittoriosa ar an cheantar, teideal Iodáilise a bhronn na hEoinínigh ar Birgu i 1571.
Tá Máltais ag teacht chun tosaigh mar theanga phoiblí oifigiúil le blianta beaga anuas, a bhuíochas leis an Aontas Eorpach, agus is féidir go leor a ghlacadh ar bord ó dhaoine de réir mar a úsáideann siad an téarma 'Vittoriosa' nó 'Birgu'. Iad siúd a chloíonn leis na logainmneacha Iodáilise, beidh siad níos báúla do Shasana agus don lucht saibhir idirnáisiúnta atá ag teacht isteach chuig an oileán agus ag lonnú ann ar mhaithe le cáin íseal. Iad siúd a úsáideann 'Birgu' tá fís iomlán difriúil acu - fís nach nglacann leis an seanimpiriúlachas ó thír ar bith de shaghas ar bith (ach ar bhealach an-mhúinte ar fad ar fad, bíodh a fhios agat. Tá na Máltaigh fíormhúinte agus níor mhaith leo olc a chur ar dhuine ar bith).
Birgu
Mar gheall ar an oidhreacht leighis a d'fhág na hEoinínigh ina ndiaidh ar an oileán, bhí áiseanna ar fáil i Málta i rith an chéad chogadh domhanda a ndearnadh a mhéadú agus a dhéanamh níos líonmhaire - ospidéil. Lonnaíodh ospidéil, dochtúirí agus altraí ann agus rinneadh ollospidéal den oileán ó aimsir Gallipoli ar aghaidh. Agus cuireadh na saighdiúirí óga faoin chré ann chomh maith, nuair a fuair siad bás. Ní gortú amháin a ba chúis le bás na bhfear óg seo ach galair - dinnireacht, sifilis agus galair ghnéas-tarchurtha eile, tífeas agus fiabhras tíofóideach, galair ó na drochchoinníollacha sna trinsí, calar. Tháinig m'athair mór ar ais ó Mhálta le maláire, agus lean an galar é i rith a shaoil. Ach ar a laghad, bhí saol aige.

Focal rabhaidh - don té atá ag tiomáint. Bíodh foighid agat ... Níor athruigh na Máltaigh gach comhartha bóthair ón seanrud a bhí ann ó aimsir na Sasanach go fóill (logainmneacha in Iodáilis agus i mBéarla chomh maith le leaganacha Máltaise ar na comharthaí). Séard ata acu ná meascán mearaí den sean agus den nua. Rachaidh tú i dtreo Bormla agus ansin gheobhaidh tú tú fein i lár Cospicua. Is cuma. Is ionann an dá áit. Cuireann sé an raic faoi Dingle-Dangle-Uí-Chúis i gcuimhne domh. Agus níl aon Mháltais á cur ar leithéidí Pembroke (ceantar mór) ná Chadwicke (ceantar tuaithe). Ná tosaigh a mheabhrú air - beidh cloigeann tinn agat!

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.