Sunday, 27 January 2019

Díolta leis na Gallaibh?

Josefina de Felici Mateer, 1918, i Málta, ag aois 18
Céad bliain ó shin bhí mo mháthair mhór, Josefina di Felici Mateer, bhí sí ar a bealach trasna ó Mhálta chun m'athair mór, Henry Lennon, a phósadh i mBéal Feirste. Níor chas siad ar a chéile roimhe sin, ní raibh acu ach grianghraf dá chéile. Thuas, an pictiúr a bhí ag m'athair mór den bhean óg a bhí sé le pósadh.  Rinneadh an cleamhnas seo trí litreacha a chuaigh anonn is anall idir an dá thír.
Bhí m'athair mór díreach díliostáilte ó arm na Breataine. Bhí deartháireacha leis san RIC. Bhí deartháir leis, Patsy, a bhí imithe a throid leis na Bóraigh i 1899 in éadan arm na Breataine agus nár tháinig ar ais ariamh.
Chuaigh Henry isteach ann ar ghríosadh Redmond, fear a gheall féinriail i 1914. Ach ar ndóigh, ní hionann an scéal a thit amach faoin am a bhfuair Henry s'againne an baile amach i 1918.
Bhí an t-ádh le Henry. Tháinig sé ar ais i 1918. Bhí sé riamh maith le beithigh agus cuireadh i mbun na gcapall é agus é sa Fhrainc i 1914 - ag tabhairt aire daofa. Nuair a cuireadh beithigh go Málta chuaigh sé i gcuideachta leo, i 1915. Chaith sé an chuid eile den chogadh ag obair sna hospidéil ar an oileán sin, agus ag foghlaim scileanna saighdiúra chomh maith. Gunnadóireacht, scileanna armlóin. Rudaí nach raibh ar eolas aige roimhe sin, ag teacht as Muineachán dó.
Nuair a d'fhill sé ar an bhaile i 1918 bhí an saol iomlán athruithe. Ní féinriail ach neamhspleáchas iomlán a bhí a mhuintir féin ag éileamh. Ach i mBéal Feirste, bhí lucht neamhspleáchais ag dul i ngleic le Carson agus a lucht leanúna.
cailín ag caitheamh an ghonella - seál Máltach, mór ach éadrom 
Agus mo mháthair mhór, nuathagtha ó oileán eile a bhí faoi smacht na himpireachta, ar bheagán Béarla agus gan éadaí féin a choinneadh an fliuchas agus an fuacht amach, an chéad earrach feanntach sin. Tháinig sí anall le beart beag éadaigh agus mandailín ón bhaile s'aici agus shiúil sí isteach i ndomhan tintreach lán de scliúchas agus foréigean. Beidh tuilleadh le léamh fúithi ar ball, i 'Cití na gCártaí', atá le foilsiú ag Cois Life. Tá cúpla alt ag Angeline King chomh maith anseo agus anseo a thugann léargas dúinn ar an saol an t-am sin.
Béal Feirste - seálanna troma
An t-athair mór eile, Eddie Mór Quinn, bhí sé nua-thagtha go Béal Feirste chomh maith, ó Oileán an Ghuail i dTír Eoghain, áit a raibh Sinn Féin láidir - bhí sé ina rúnaí acu ag pointe. Bhíodh  Eddie ag obair ar na duganna. Ní obair sheasta le pá rialta a bhí ann, mar a bhí le fáil sa longchlós. Ach Protastúnaigh amháin a fuair jabanna sa longchlós. Chuaigh sé síos gach lá agus sheas sé ag geata na nduganna, féachaint an raibh obair le fáil.Ní fios domh cad a bhí ar siúl ag Eddie le linn aimsir Chogadh an Neamhspleáchais ach amháin nach raibh sé díomhaoin. Bhí sé ag obair ar na duganna i 1920 an lá gur caitheadh Náisiúnaithe amach ó Oileán na Ríona (an longchlós), é féin ina measc. Dódh amach as a theach i Sráid Lucknow (ainmnithe as Ind na himpireachta) ag Aondachtóirí i 1921. Muintir Carson i réim agus ag brú achan duine nár aontaigh leo amach as 'a gcuidse' den domhan bheag.
Droichead na Banríona. Longa seoil agus gail.
Bhí Henry an-tógtha leis an eachtra chéanna, go háirithe mar bhí sé le maíomh gur fhan lucht ionsuithe (lucht Carson) ar a dtónacha sa bhaile in áit liostáil san arm le linn an Chogaidh Mhóir cúpla bliain roimhe. Agus i ndeireadh na dála, díoladh sé chontae leis na gallaibh nuair a síníodh an Conradh Angla-Éireannach i 1921. Agus ní raibh ráth ná bláth ar  Eddie agus Joan, Henry agus Josefina as sin amach, le stádás dara haicme daorthaa orthu don chuid eile dá saol.
Mar sin de, i laethe seo na Breatimeachta, nuair a deir daoine go bhfuil sé chomh maith againn géillstin don Bhreatain ar an chúlstad, tagann an t-amhrán sin aisteach i mo cheann. Níl muid chun bheith díolta leis na gallaibh in Uimhir 10 don dara huair taobh istigh de chéad bliain, tá súil is agam.


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.