Tuesday 12 February 2019

Lá Idirnáisiúnta na mBan 2019

Dáta don Dialann

8ú Márta 2019
Lá Idirnáisiúnta na mBan
Léamha, ceol is craic @ 7.00i.n.
Teach an Ardmhéara, Sráid Dásain, BÁC 2

N.B. Saorchead isteach ACH is gá gabháil i dteagmháil roimh ré chun áit a chur in áirithe.
realtan ag hotmail ponc com


Bean a' tí
Celia de Fréine
Is file, drámadóir, scriptscríbhneoir agus leabhrógaí í Celia de Fréine. I measc na ngradam atá buaite aici dá cuid filíochta tá Duais Patrick Kavanagh (1994) agus Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht (2004).  In 2018 d’foilsigh LeabhairCOMHAR 'Ceannródaí', beathaisnéis Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh, an chéad saothar próis óna peann.

Máire Dinny Wren
As Gaoth Dobhair i dTír Chonaill do Mháire Dinny Wren. Foilsíodh a céad chnuasacht filíochta, 'Ó Bhile go Bile', in 2011. Tá ceithre scéal dá cuid sa chnuasacht 'Go dtí an lá bán', a d’fhoilsigh Éabhlóid in 2012. D’fhoisigh Éabhlóid a céad chnuasacht gearrscéalta, 'Go mbeinnse choíche saor' in 2016. Tá Máire ag obair ar a dara chnuasacht filíochta faoi láthair.

Michelle Nic Pháidín
Is iriseoir í Michelle Nic Pháidín leis an Donegal Democrat. Tá dhá leabhar scríofa go dtí seo aici, ‘An tIriseoir’ agus ‘Fuascailt an Iriseora.’ Bhain 'An tIriseoir' an dara háit i gcomórtas ficsin Oireachtas na Gaeilge agus bhí an leabhar san iomaíocht de Gradam Uí Shuilleabháin. Fuair An leabhar 'Fuascailt an Iriseora’ ainmniúchan in rannóg na leabhar Gaeilge sna Irish Book Awards. 

Dáire Ní Chanáin
Is scríbhneoir agus file óg as Cathair Dhoire í Dáire Ní Chanáin atá anois sa bhliain deireanach den bhunchéim sa Ghaeilge agus i Léann an Aistriúcháin i nGaillimh. Tá colún seachtaniúil aici ar NÓS ina scríobhann sí faoi chúrsaí ollscoile agus saol na mac léinn. Pléann sí streachailt na mban agus cúrsaí meabhairshláinte ina cuid saothair chomh maith le gnáthchúsaí an tsaoil faoi shúile mhná óg. 

Maoilíosa Scott
Is file neamh-dhénártha as Báile Meánach iad Maoilíosa NicÉadaoin ach tá conaí ar Mhaoilíosa i mBeal Feirste anois. Bhain Maoilíosa céim amach sa Bhéarla, le scríbhneoireacht chruthaitheach mar chuid de, cúpla bliana ó shin. Is ainrialaí feimineach iad, agus úsáideann Maoilíosa filíocht le bheith ag plé cúrsaí atá tábhachtach daofa, ag fanacht aireach mar gheall ar a sláinte intinne.


Réaltán Ní Leannáin



Feirsteach a chónaíonn i mBaile Átha Cliath. Is Scríbhneoir Cónaithe í in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath í don bhliain 2019. Liosta foilseachán ar thaobh na láimhe deise den bhlag anseo. Úrscéal stairiúil ag teacht amach i mbliana le Cois Life, 'Cití n gCártaí', atá suite idir dha thír - Málta agus Éire. Malti agus Gaeilge ag réiteach lena chéile, Máltaigh agus Éireannaigh i ndé deiridh na himpireachta.


Lisa Nic an Bhreithimh
Is scríbhneoir splancfhicsin í Lisa Nic an Bhreithimh, as Baile Átha Cliath. Bhuaigh sí Duais Uí Mháine agus Chéad Duais Chomórtas Imbolc 2018 . Oibríonn sí i gcúrsaí cumarsáide agus sna meáin chumarsáide Ghaeilge. D'oibrigh sí leis na feachtais Gaeilge den dá fheachtas i Reifrinn 2015 agus 2018.Scríobhann sí faoi shaolta ban ach go háirithe.


Fionn Ó hAlmhain, ceoltóir
obaire, feadógaí agus amhránaí é Fionn Ó hAlmhain as Co. Chill Mhantáin. 
Tá seinnte ag Fionn ar mórchuid stáitsí in Éireann agus thar lear, ina measc tionól Píobaireachta Béil Feirste, ceiliúradh Bloomsday i Donostia, Tír na mBascach, agus féile "the Garden of Geniuses" ag eastát Leo Tolstoy i Yasnaya Polyana na Rúise.  


Rachel Ní Dhúfaigh
Tá  Rachel Ní Dhúfaigh i mbun staidéar dochtúireachta ag Ardscoil Ceoil Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath faoi láthair.  Bhí sí le cloisteáil ag líonn mór féilte ceoil, ina measc: An Chúirt Chruitireachta, Féile Idirnáisiúnta na cruite sa Bhreatain Bheag, Creative Connexions sa Chatalóin agus ag an Hainan World Tourism Expo sa tSín. Is cumadóir í leis an Ceolfhoirn Traidisiúnta "Rithim"  







No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.