 |
Teach an ArdMhéara |
Bhí daoine cruinnithe isteach chuig Teach anArdMhéara arís i mbliana chun éisteacht le prós, filíocht agus ceol ar 8 Márta, Lá Idirnáisiúnta na mBan. Seo í an ceathrú bliain don ócáid i mBaile Átha Cliath ach is breá liom go bhfuil 'Lá Idirnáisiúnta', ócáid do scríbhneoirí, tosaithe i mBéal Feirste chomh maith ag
Katie McGreal agus ag fáil
aitheantais nios forleithne.
 |
Celia de Fréine |
Bhí Celia de Fréine ina Bean a' Tí ar an oíche, agus thug sí léamh as a leabhar
Ceannródaí fhad is a bhí sí i mbun an ardáin. Tráthúil go maith, leabhar agus ábhar a bhí ag teacht leis an oíche - beathaisnéis Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh - bean a chur tús leis an chéad Ghaelscoil sa tír.
 |
lónadóireacht an ArdMhéara - roinnt bonnóga a bhí fágtha ó ócáid níos luaithe sa lá |
Fhad is a bhí sí féin agus an cúpla chéad léitheoir i mbun oibre, ar ndóigh, bhí Mr. Bean (sic) aka an tArdMhéara reatha ag gabháil thart ag líonadh gloiní. Rinne sé praiseach d'ainmneacha na scríbhneoirí ina óráid, dhiúltaigh a oifigse aon rud a chur ar fáil i mbliana leis an oíche a óstáil (bia, beoir, gloiní féin... ).
Ar ndóigh, tá
a chuid fadhbanna aige féin -
hóladh an liúntas beorach a fhaigheann an teach saor in aisce ó Guinness roinnt ama roimhe sin. Caithfidh mé a admháil, is é an tArdMhéara is lú fáilte a bhí againn ariamh - linne.
Ní mar a chéile le grúpaí eile, cinnte.
 |
Na léitheoirí |
Tháinig na léitheoirí amach agus rinne siad éacht. Sa phictiúr thuas - ó chlé -
Michelle Nic Pháidín, Maoilíosa Scott, Dáire Ní Chanáin, mé féin, Celia de Fréine agus Lisa Nic an Bhreithimh. Bhí
Máire Dinny Wren in ainm is a bheith ag léamh ach cuireadh a heitilt as Dún na nGall ar ceal. Ach bhí a lucht tacaíochta ansin, cibé ar bith!
 |
Lucht tacaíochta Mháire Dinny - ní raibh sí ann ach bhain siad sult as an oíche cibé ar bith |
 |
Jack Harte agus Marie O'Connor |
 |
Na Slamadóirí Dáire Ní Chanáin, Maoilíosa Scott agus Anna Heussaff |
 |
Caitríona Ní Chléirchín i lár báire |
 |
Íte Ní Chionnaith ar chlé |
Achan bhliain go dtí deo iarraim ar Fhionn Ó hAlmhain teacht agus poirt a sheinnm. Bhí se réidh le theacht an chéad bhliain agus an gig a dhéanamh saor in aisce mar nach raibh aon mhaoiniú cinnte ann ag an am. Ach achan bhliain ó shin tagann sé féin agus ceoltór eile suimiúil, spéisiúil agus seinneann siad píosaí a stopann daoine ón chaint le heisteacht leo. B'amhlaidh mar a bhí i mbliana.
 |
Rachel Ní Dhufaigh agus Fionn Ó hAlmhain |
Agus ar ndóigh... chuir sé gliondar orm gur bhain duine amháin ar a laghad sult as na bonnógaí sin...
 |
Póilín Nic Géidigh |
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.