Tuesday 30 November 2010

tháinig na bindealáin!

bhuel, bhuel, bhuel...tháinig na bindealáin chaola sa deireadh thiar thall. Thugamar faoin bhindealú arís, an chéad uair le cúig lá i ndiaidh don chraiceann briseadh amach le tochas.

Agus tchífimid caidé mar a éiríonn liom agus le mo chraiceann.

Ag siúl amach ón prefab - áit a bhfuil an rannóg fisiteiripe lonnaithe in James's, stopamar ar feadh cúpla soicind. Chrom an fisiteiripeoir gur thóg sé babhla lán uisce ón urlár. Dhoirt sé an t-uisce isteach in doirteal a bhí lámh linn agus chuir sé an babhla ar ais ar an urlár. Shín sé a mhéar leis an solas sa síleáil, áit a raibh deor ag sileadh anuas.
'Anois go bhfuil an sneachta ag leá tá na poill sa díon ag ligean uisce isteach. Bíonn sé againn chomh maith in aimsir fhliuch.'

Centre of excellence' .....

2 comments:

  1. Go dtuga siad faoiseamh éigin duit...

    Sin é scéal ár tíre, braon ar bhraon. Dea-dhaoine i ndrochsheomraí ag déanamh a ndícheall, faoi smacht ag maorlathaigh a chuirfeadh, mar a dúirt an file, cíos ar an mbraon anuas.

    ReplyDelete
  2. @ 'Go dtuga siad faoiseamh éigin duit...'

    Áiméan!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.