Friday 25 March 2011

Éirí folláin


Tá mé ag tosú ar scéim 'éirí folláin' le Cumann Ailse na hÉireann amárach, Satharn 26 Márta, 2011.
Siúil agus gleacaíocht do dhaoine a raibh ailse cíche orthu agus atá ag iarraidh éirí níos folláine atá ann.

Mar gheall ar na cógaisí a thugann siad do mhná, tá claonadh níos measa ná mar is gnáth ann meachán a chur orainn, mar mhná. Mar gheall ar an easpa éastraigine inár gcorp leis na drugaí seo, ní bhíonn seans ag an ailse fás agus éirí flúirseach arís. Ach mar gheall ar an easpa éastraigine, athraíonn crot an choirp. Ba phiorra mé roimh na drugaí. Piorra beag rámhar, caithfidh mé a admháil, ach piorra féin. Is úll breá rámhar, súmhar, snasta anois mé. Tá mé i ndiaidh go leor éadach a fhágáil sa chófra le fada, agus tá mé tinn tuirseach de.Bhí mé tuirseach, traochta i ndiaidh chaemo agus radaiteiripe agus ansin tháinig na cógaisí.

Ok, so, tá sé in am agam rud eigin a dhéanamh fá dtaobh de. Tá an scéim seo ag an chumann ailse agus bainfidh mé triail as. Tá na bróga rite bainte amach as an chófra agus tá an aimsir go hálainn. Leithscéal ar bith.

Cros an Phápa, 10.00 ar maidin, Páirc na Fionnuisce. Bí ann nó bí i d'úll.

4 comments:

  1. Go n-éirí go geal leat amárach, a úll óir!

    ReplyDelete
  2. Bain taitneamh as. Chonaic mé do chnuasach i H&F inné

    ReplyDelete
  3. níor shíl me go raibh sé amuigh ach má chonaic Néidí is cosúil go bhfuil!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.