Thursday 10 March 2011

Oíche eolais



Beidh me ag caint ag oíche eolais do na 'forty-somethings' ( ainneoin nach bhfuil mé sna daichidí a thuilleadh) Dé Luain 14ú Márta i mBéal Feirste.
Ócáid buíochais atá ann do Action Cancer do na grúpaí uilig a chruinníonn airgead daofa. Beidh sé sa Ramada ag Droichead Seoighe ag 7.30. Agus mar gur trí phairtnéireacht Action Cancer agus Ollscoil na Ríona go bhfuair me amach go luath go raibh ailse orm, ba mhaith liom cuidiú leo trí mo scéal a inse. Fuair mé amach in aois 48. Tá mé caoga anois, a bhuíochas leo siúd. Agus in inmhe seasamh agus a rá go bhfuil an sláinte liom láthair na huaire. Agus drochghreann a chleachtadh. Agus pictiúirí ciútáilte d'ainmhithe a chur chuig cairde i ríomhphost.

Luath agus minic, tastálacha, a shiúracha.

2 comments:

  1. @ 'Agus in inmhe seasamh agus a rá go bhfuil an sláinte liom láthair na huaire'

    Sin iontach ar fad, a chara! Faraor, ní bheidh mé in ann a bheith ann, cé gur mhaith liom a bheith! Beidh mé i nGaillimh.

    Táim cinnte go mbeidh tú thar barr - go n-éirí leat, a dheirfiúr!

    ReplyDelete
  2. Go n-éirí go geal leat inniu!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.