Saturday 23 April 2011

siúl agus traenáil


Tá an aimsir go hálainn faoi láthair, agus fonn siúil ar gach duine. Tá mé ag leanstan liom le Coach Murphy ó Chumann Ailse na hÉireann, ar ndóigh. Táimid ag siúl agus sa mhullach air sin táimid ag tosú ar thógail meáchan chomh maith. Phléasc mo mhac amach ag gáire nuair a chuala sé é seo. Mamaí bheag rámhar ina schwarzenegger. 'Cén meáchan a thógann tusa?', ar sé. 'Buidéal plaistic uisce in gach lámh' arsa mise....gáire....''dhá chéad uair'....stop an gáire.

Tá an bhean seo, Marie Murphy, ina saineolaí ar aclaíocht agus mná le hailse. Thosaigh sí i Meiriceá, áit ar chaith sí na blianta fada, agus tá sí ar ais anois i nÉirinn. Níor mhaith liom íoc as na seisiúin seo mar bheidís an-daor ar fad, tá mé ag déanamh, agus tá mé fíorbhuíoch go bhfuil siad saor in aisce ón Chumann.

Tá siad ag iarraidh an clár a leathnú amach ina am féin ar fud na tíre, agus molaim é. Tá sé deimhnitheach agus tá sé de dhíth. Tá sé bunaithe ar thaighde a léiríonn go gcaithfidh mná a raibh ailse cíche orthu a gcuid corp a chur ag obair go gníomhach thar leibhéal áirithe, sa dóigh is go laghdófar an seans go dtiocfadh an ailse ar ais. Ach lena chois sin, tá an obair-i-ngrúpa taitneamhach, spreagúil agus lán craic.

Bhí faitíos orm go dtiocfadh claochló ar an limféidéime leis na meachain, mar ní mholtar duit aon mhórmheáchan a thógáil, ach 'so far, so good'! Agus na mná a rinne an clár píolótach anuraidh? Tá siad anois ag rámhaíocht - fiú an lucht limféidéime!

Ok, caithfidh mé imeacht anois. Tá siúl an lae inniu le déanamh agus níl fonn orm éisteacht le Coach Murphy tabhairt amach domh...

1 comment:

Note: only a member of this blog may post a comment.