Thursday 26 May 2011

RTE John Murray

Wú-hú! Oíche sa 'K Club!' Bhain mé duais don dán Gaeilge is fearr ar Chomórtas Filíochta Éireann 2011 ar an John Murray Show inniu, ar RTE 1. Yummmm. Go raibh maith agaibh, Fearghus Ó snodaigh agus Lucan Writing Circle as an bhrú a chur iarratas a chur isteach.


An páiste deiridh (Imirce 2011)


'Mo shuí i seomra mo mhic,

Ciúin ionam féin.

Binneas éin,

Glaine earraigh,

I mbarr an tí.


Anáil isteach,

A gháire is a ghlór.

Anáil amach,

Seomra fuar folamh.


Rinne tú nead beag duit féin

Anseo i mbarr an tí,

Go dtí gur oscail tú na sciatháin

Is gur imigh tú uainn

Mar ba dhual.


Inniu tá mé suaimhneach

Is na héin amuigh

Is an ghrian ag lonrú

Anseo i mbarr an tí fholaimh.


3 comments:

  1. Ana dheas. Comhghairdeas. Bain sult as an duais.

    ReplyDelete
  2. Go hálainn...comhghairdeachas ó chroí leat, a Réaltán!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.