Thursday 16 June 2011

Ionad ar fheabhas...arís.

Is deacair a shamhlú chomh ciotach leis an ionad ar fheabhas atá agam féin don limféidéime. Chuir mé scáirt orthu an tseachtain seo, mar gur ghlac siad miosúr do bhall nua éadaigh (muinchille speisialta) mí ó shin. Ar dtús, ní raibh an fáiltitheoir sásta ligint domh labhairt leis an fhisiteirpeoir - ní faic di siúd mí feithimh, is cosúil. Agus nuair a fuair mé tríd chuige ní raibh sé in inmhe teacht ar thaifead gur ordaigh sé an bloody rud.
'An bhfuil tú cinnte gur thomhais mé an lámh?'
Ní raibh a fhios aige - ní choinníonn sé taifead, is léir.
Sin an dara huair gur tharla seo, agus mar a mheabhraigh m'iníon domh, gan trácht ar an am gur thomhais sé an lámh go contráilte agus go bhfuair mé muinchille ró-mhór.
An Clinic Limféidéime in Ospidéal San Shéamais. Seachain é.

5 comments:

  1. An bhfuil aon bealach le clamhsán foirmeálta a dhéanamh maidir le seo? Nach cur amú acmhainní é seo?

    ReplyDelete
  2. Tá mé chun teagmháil a dhéanamh le Europa Donna faoi seo, agus litir fhoirmeálta a chur isteach chuig an ospidéal. An fhadhb ata ann ná níl ann ach fisiteiripeoir amháin fostaithe sa 'chlinic' seo in James's, agus caithfidh me dul isteach aige arís agus arís eile! Bhí me ag caint le duine in ARC (tacaíocht do lucht ailse) agus mhol sí fisiteiripe príobháideach, ach tá mé ag obair ar leath-am, leathphá, agus ba cheart go mbeadh cúram ceart ar fáil tríd an ghnáthchóras, dar liom. Tá go leor iar-ailseoirí nach bhfuil ag obair ar chor ar bith, agus é seo de dhíth orthu, agus is muidinne a bhfuil guth agus beal mór againn a chaithfeas an fód a sheasamh do gach duine.

    ReplyDelete
  3. Tá súil agam go dtiocfaidh feabhas ar an scéal..

    ReplyDelete
  4. @ ba cheart go mbeadh cúram ceart ar fáil tríd an ghnáthchóras

    Tá an ceart agat, a Réaltán!

    Is mór an náire an méid atá ag tarlú duit san ionad - ná lagtar do ghuth, a chara!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.