Monday 15 August 2011

ó, na bindealáin, na bindealáin...

An t-am sin den bhliain arís. Trí sheachtain de bhindealú ag síniú amach romham. Trí sheachtain nuair nach féidir liom taisteal a dhéanamh, obair tí a dhéanamh (!) agus trí sheachtain nuair atá an saol an-chúng ar fad. Am bindealaithe.

Chuaigh mé síos inniu chuig Ospidéal San Shéamais agus chuaigh mé isteach chuig an fhisiteiripeoir. Agus rinne sé measúnú ar an lámh agus an sciathán  - feabhsuithe mar gheall ar an obair curtha isteach ag Cumann Ailse na hEireann agus Coach Murphy.
Ansin mhínigh se nach bhféadfadh sé tosú ar an bhindealú inniu mar nach raibh na bindealáin chuí aige...an mbeadh aon cheann fágtha agam féin sa bhaile ón uair dheireanach?.....

3 comments:

  1. Tar éis an tsaoil, tháinig tú aniar aduaidh air - níl ann ach roinnt míosa ó socraíodh an choinne, nach ea?

    In ainm dílis Dé. Shíl mé nach raibh easpa éifeachta na Roinne Éadóchais le sárú, ach anois tá amhras orm.

    ReplyDelete
  2. ní sin an coinne seo, a Aonghuis!

    Coinne eile ar fad is ea coinne dhá bhliana mo 'mystery man' i Meán Fómhair!!!....

    agus coinne eile ar fad ar fad an coinne nach dtáinig fós don diaibéiteas!


    Bíodh a fhios agat - an chéad uair eile a chaithfeas duine dul faoi scian, seans go mbeidh orthu na frithbheathaigh iarsceana agus na pianbhacadóirí a thabhairt isteach leo ceal easpa airgid ar na bardaí...

    ReplyDelete
  3. Ach ní ceal airgead. Cá háit a bhfuil an breis airgead ar fad atá á chaitheamh againn mar thír ar sláinte ag dul? (Amú sa mhaorlathas is eagal liom)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.