Tuesday 18 October 2011

Brachán abú!



Tharla rud spéisiúil inné, agus ní chreidim i gceart fós é.

Bhí mé ag an dóchtúir teaghlaigh i Mí Iúil, agus d'aimsigh sí diaibéiteas. Chuir sí litir chun an ospidéil agus neadaigh mé mé féin síos ag fanacht ar an choinne. 

Idir an dá linn, chomhairligh an dochtúir dom freastal ar dhiaitéiteach go príobháideach, rud atá déanta agam agus mé ag freastal uirthi go fóill. Elaine McGowan.

Inné, bhí mé ag an ospidéal. Chan fá choinne coinne sa chlinic ach fá choinne tástáil fola. Ach ní fheicfinn aon dochtúir go dtí an Bhliain Úr, ar ndóigh.
Inné, bhain siad fuil asam san ospidéal. Éacht ann féin. Agus ar maidin, dúirt siad liom nach bhfuil diaibéiteas orm níos mó...

Inseoidh mé rún duit. Má bhíonn tú réamhdhiaibéiteach, nó 'ar an teorainn' ó thaobh thorthaí fola de, gabh chuig Elaine McGowan. Má bhíonn do mheitibileacht oiriúnach chuig an aiste bia s'agamsa, beidh tú ag ithe bracháin (leite) maidin agus i lár an  lae. Beidh cosc ar phrátaí, ar arán, ar rís, ar phlúr, ar pasta, ar chuile shórt carb. Ach caillfidh tú dhá phunt in aghaidh gach seachtaine a leanann tú a haiste bia. 

Tá breis is dhá chloch caillte agam ón samhradh. Agus mo phaincréas buíoch as, is léir. Agus cuirfidh an brachán an ruaig ar an diaibéiteas, seans, mar a rinne liom féin.

Bhú-hú!

5 comments:

  1. Bhuel is maith liom nach bhfuil an chuid sin de'd scéal ina phraiseach. (Tá an ghráin dearg agam fhéin ar leite. Bhíodh mo dheartháireacha á dhéanamh & iad ag fágáil an pota gan glanadh. Níl rud níos gránna, dar liom, na leite fuaraithe an phota. Agus ormsa a thit sé é a ghlanadh. An duine is sine, tuigeann tú)

    ReplyDelete
  2. Ad-cota brothchán bithnert.
    Níos mó anseo.

    ReplyDelete
  3. Is aoibhinn liom leite agus taitníonn do scéal liom

    ReplyDelete
  4. fíormhaith don dúlagar chomh maith, dála an scéil!

    ReplyDelete
  5. Dea-scéal amach is amach, a Réaltán - maith thú!

    Brachán domsa amárach..:-)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.