Thursday 5 January 2012

cur i gcéill pléisiúrtha


Bhí mé féin agus an iníon ag an taifeadadh den chlár 'Feis & Blood' anocht in RTÉ i mBaile Átha Cliath. Fuair mé cúpla ticéad don oíche anocht, agus chuaigh muid ann lena fheiceáil cad a tharla taobh thiar den rud a fheictear ar an teilí.

Ar ndóigh, ní fhaca ceachtar againn an clár féin roimhe. Ní teach mór 'X-Factor' ná 'Lyrics Board' ná 'Dancing on Ice' ná 'Stars in Your Eyes' muid. Amharcfaidh mé féin ar an chéad chúpla clár den 'X-Factor', ach caillim suim ann i ndiaidh na réamhthrialacha, nuair atá ceol ach gach duine atá fágtha sa chomórtas.

D'fhág sin muid nach raibh aithne againn ar na breithimh ná ar an láithreoir, ná eolas againn ach an oiread ar na 'rialacha'. Ach ba spéisiúil an oíche í cibé ar bith.

Riail uimhir 1: níl Gaeilge ag duine ar bith den lucht féachána. Chuir an maor stiúideó ceist orainn an mó duine le Gaeilge a bhí i láthair. An bheirt againne agus triúr eile. D'fhág sé sin go raibh air comharthaí móra agus geaitsíocht a dhéanamh leis an lucht féachána nuair a bhí gáire nó bualadh bos ag teastáil.

Riail uimhir 2: níl Gaeilge ar bith ag na hiomaitheoirí. Fágann sé seo go gcaithfidh an láithreoir gach ceist nó focal a n-abórann sé leis na hiomaitheoirí a aistriú go Béarla le go dtuigfidh siad an cheist. Fágann sé fosta gur féidir leis na breithimh a rogha rud, maith nó olc, a rá faoi na hiomaitheoirí ach é a rá go deas séimh...agus ní bheidh a fhios ag na hiomaitheoirí go bhfuil puinn dalba ráite. Ach ar ndóigh, tá na hÉireannaigh ró-mhúinte le Brian Cowell a dhéanamh daofa féin agus níor dúradh pioc as áit anocht. Bhí gach iomaitheoir go hiontach, agus bhí gach focal deimhnitheach dá réir.

Caithfidh mé a admháil, ar ndóigh, bhí an caighdeán an-ard. Bíodh is nach gcraoltar an seó beo, déantar taifead beo ar na hiomaitheoirí. Agus rinne siad uilig éacht, ar ndóigh, dul os comhair scaifte agus os comhair triúr 'celebrity' a labhair leo i dteanga anaithnid. Agus an mhórchuid, rinne siad 'take' amháin dá gcuidse agus b'shin é, margadh déanta. Bhí athair agus beirt iníon ann arbh éigin iad a stopadh cúpla uair ach d'éirigh leo an nóta ceart a rá sa deireadh. Gach duine eile - daoine óga don chuid is mó, chuaigh siad ar stáitse, rinne siad cibé rud a bhí le déanamh acu agus away leo go dtí an seomra feistis arís, jab déanta.

Beirt leaids óga go háirithe a chonaic muid anocht a mbeidh tuairim orthu as seo amach, is dóigh liom. Ach bígí ag amharc ar an chlár go bhfeice sibh cé tá i gceist agam...

2 comments:

  1. Ní thuigim go baileach cén fáth go mbacann TG4 leis na cláir seo. Bíonn siad go dona i dteanga amháin ach nuair nach dtuigeann na hiarrthóirí an moltóir bíonn siad seafóideach

    ReplyDelete
  2. b'shin barúil m'iníne chomh maith. Tá mé féin idir dhá chomhairle go fóill - ní fheicfí na damhsóirí nó na ceoltóirí seo ach gurb é cláir mar seo, bíodh is nach bhfuil focal Gaeilge acu! Mar go bhfuil a gcuid ealaíona fréamhaithe sa traidisiún Gaelach, ar ndóigh. Ach ba cheart go mbeadh ullmhúchán sa teanga déanta ag na hiomaitheoirí roimh ré, is dóigh liom, rud a rinne cúpla duine ach nach ndearna cuid eile!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.