Tuesday 9 October 2012

Mí ailse brollaigh 2012



Tá an mhí seo linn arís, Deireadh Fómhair, mí ailse brollaigh. Seo an t-am go mbíonn daoine ag caint is ag féasbúcáil is ag tuíteáil faoi na himeachtaí ar fad atá ag ardú próifíl na hailse agus na dóigheanna inar féidir linn súil agus srian a choinneáil uirthi.

Chun seiceáil ort féin, mar bhean, tá treoir maith anseo -



Má tá tú thar 40 bliain d'aois, tá an fhianaise ag fás go bhfuil mamagram inmholta gach cúpla bliain. Tá cinn ar fáil do mhná i dTuaisceart Éireann saor in aisce ó Action Cancer. Muna bhfuil tú i do chónaí ann, is féidir íoc as ceann (timpeall £80 sterling i láthair na huaire), nó fiú cúpla punt féin a chaitheamh isteach.

Rud amháin a chuireann goimh orm ná comhlachtaí móra smididh a dhéanann urraíocht ar eagraíochtaí ailse. Tá na comhlachtaí céanna ag cur leis an fhadhb trí úsáid ceimicí ar nós paraben agus SLS ina gcuid earraí - siampú, galúnach, smideadh, uachtar craicinn - aon táirge a dhéantar chun cúram a thabhairt dar gcorp. Súnn an corp na ceimicí seo tríd an chraiceann agus tá fianaise ann go bhfuil siad bainteach le forbairt ailse. Mar sin de, cuireann siad na ceimicí carcainigineacha isteach sna tairgí ar dtús agus díolann siad linn iad i mbeartanna tarrantacha, agus ansin tugann siad giotaí beaga den bhrabús leis na heagraíochta a ghlanann suas an 'mess' ar fad. Cuireann siad comhlachtaí tobac i gcuimhne domh. Tá comhlachtaí nach gcuireann paraben ná SLS ina gcuid táirgí, ar nós Elave nó Clarins, ach an comhairle atá agam ná an lipéad a léamh.

Taobh amuigh de paraben agus SLS a sheachaint, cad é an moladh a thugtar dúinn leis an seans atá againn ailse fhorbairt a laghdú? Aclaíocht rialta, meáchan ceart a choimead, tuar ceatha a ithe (bia de dhathanna éagsúla), cosc ar thobac, cosc ar alcól. furast-durast!

Agus a fhearaibh - bígí faicheallach. Buaileann sé fir chomh maith.

3 comments:

  1. Nach bhfuil siad saor saor sa 26 freisin? Bíonn bus acu taobh amuigh dos na hionadaí siopadóireachta agus seolann siad amach litreacha cathain a bheas siad ann. Is dócha ní bhíonn siad ann go minic

    ReplyDelete
  2. An t-eolas seo á scaipeadh agam, a Réaltán - go raibh céad míle maith agat, a chara.

    ReplyDelete
  3. Tá mamagraim saor sna 32 chontae i ndiaidh aois 50, ach tá sé inmholta anois mamagram a fháil ó aois 40. Níl siad ar fáil thuaidh ná theas saor don aoisghrúpa 40-50 gan cúis ar leith bheith ann dá leithéid. Sin an fáth go bhfuil Action Cancer á dtairiscint. Sin mar a fuair mé féin amach go raibh ailse orm. Ní raibh aon chnapán agam.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.