Friday 9 November 2012

Bean le sloinne a oireann

Bhí oíche ómóis do Mháire Mhac an tSaoi in Áras na Scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath anocht. Agus scaifte maith ag freastal ar an ócáid. Ní feidir glacadh leis go mbeidh scaifte ann ag na rudaí seo, ar ndóigh, agus chuir sé lúcháir orm go raibh an seomra dubh le daoine. Labhair go leor móruaisle de chuid na Gaeilge ar an bhean í féin agus ar a tábhacht i litríocht na tíre seo, idir Gaeilge agus Béarla.

Nuair a chonaic mé an liosta mór fada daoine a bhí le labhairt sula ndeachaigh mé chun na hócáide, caithfidh mé a admháil gur thit mo chroí, mar bhí duine déag ar an liosta.... Bhí mé ag iarraidh bandia seo na litríochta a fheiceáil agus a chluinstin, ach ní raibh mé ag iarraidh éisteacht le hóráidí go meánoíche.

Ach le fírinne, d'imigh an oíche go scioptha agus tháinig mé amach an doras ar leath i ndiaidh a naoi le croí eadrom. Faoin am gur labhair an bhean í féin, agus ag an aois ag a bhfuil sí (90), ba léir go raibh an intinn 'chomh géar le féasóg cait', mar a dúirt Micheál Ó Ruairc liom. Bhí sí cruinn, beacht agus lán spraoi. Roinn sí fíorainm 'Jack' linn ón dán den ainm céanna a bhí ar an chúrsa ArdTeiste roinnt blianta ó shin.

Tháinig Cathal Ó Searcaigh amach as an fhásach don oíche chomh maith, maraon le Gabriel Rosenstock. Labhair Louis de Paor, Máirín Nic Eoin agus daoine acadúla eile chomh maith.

An t-aon díomá atá orm ná gur tharla an ócáid seo ar an Déardaoin - dhá lá i ndiaidh do 'Peregrine Readings' Áras na Scríbhneoirí i nGaeilge bheith ann, ar an Mháirt. Ní tharlaíonn rud ar bith i nGaeilge san ionad cultúrtha seo leis na míonna agus ansin, ar nós Dublin Bus, tagann dhá ócáid sa seachtain chéanna! Agus ar ndóigh, ba mhór liom éisteacht le Liam MacCóil agus Darach Ó Scolaí, ach faraor géar, bhí sé dodhéanta agam freastal ar an dá cheann in aon seachtain amháin (bím ag obair ar an Chéadaoin!).

An bhliain seo chugainn...

3 comments:

  1. “Ach le fírinne, d'imigh an oíche go sciobtha agus tháinig mé amach an doras ar leath i ndiaidh a naoi le croí eadrom.”

    An-oíche ar fad a bhí ann, de réir dealraimh!

    ReplyDelete
  2. Conas nach bhfaca muid a chéile? Táim caoch is léir!

    ReplyDelete
  3. agus mé féin leis, a Aonghuis! Ach tá mé beag - is furast gan mé a fheiceáil i measc slua. Bhí mé ag caint le Louis de Paor (d'oibir muid san áit chéanna fadó fadó) agus bhí sé ag rá an rud céanna.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.