Monday 12 November 2012

Beirt fhear uaisle

Breandán Ó Doibhlin agus Alan Titley

Bronnadh bonn cré-umha ar Bhreandán Ó Doibhlin anocht sa Siopa Leabhair in Áras Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Alan Titley a bhronn an bonn air, thar cionn Craobh Aimhirgín de chuid Chonradh na Gaeilge, bonn a dhear an t-ealaíontóir Clíodna Cussen. Mar is léir ón phictiúr, ní bonn le cur thart ar do mhuinéal é, ach 'leacht', mar a thug an Doibhlineach féin air. Rud álainn, deartha agus cóirithe le meas agus le cion.

Comhartha oiriúnach a bhí ann ar an mheas a léirigh an scaifte a bhí i lathair ar an údar agus criticeoir seo. Seo an dara hoíche ómóis a bhí ann le seachtain anuas agus tugann sé ardú croí domh go raibh scaiftí i láthair ag an dá cheann, agus scaiftí de dhreamanna éagsúla lena chois sin. Ní raibh ach cúpla duine againn a d'fhreastail ar an dá oíche, rud a chiallaíonn go bhfuil neart Gaeilgeoirí amuigh ansin ach iad a mhealladh le teacht amach ar ócáid mhór amháin.

Thug Alan Titley óráid bhreá, chuimsitheach fhada ar shaol agus ar shaothar an Doibhlinigh. D'éist mé leis an mhórchuid de, mar nuair a thosaíodh m'fhoighid agus m'intinn ag imeacht ar strae leis an teas sa seomra, thagadh scéilín beag eile nó cor nua san óráid le mé a chruinniú isteach chun éisteachta arís.

Bhí an Doibhlineach gonta go leor agus umhal go maith. Tá go leor den Tír Eoghanachas le braithstin fós ina chuid Gaeilge ach is léir go bhfuil sm caite aige níos faide ó dheas chomh maith.

Suíomh an-fheiliúnach atá sa Siopa Leabhair, ar ndóigh. Tá sé geal, snasta, tarrantach mar ionad. Ba phleisiúrtha an ócáid í, agus chuidigh an Siopa cuid mhór.

 Measaim go  bhfuil  sé in am agam liosta a thosú - na laochra literati a bhí agam nuair a bhí mé óg agus na cinn atá i ndiaidh theacht chun cinn - freastal ar na hoícheanta ómóis agus tic beag a chur lena n-ainmneacha ina dhiaidh. 'Nois, sin Máire Mhac an tSaoi, Breandán Ó Doibhlin agus Alan Titley. Casadh Cathal Ó Searcaigh, Gabriel Rosenstock, Louis de Paor (níl tú chomh sean sin, a Louis, tá a fhios agam) orm Déardaoin seo caite, agus bhí Máirín Nic Eoin agus Micheál Ó Conghaile ann fosta. Bhí Micheál Ó Ruairc ann ar an oíche ina fhear an tí. Bhí Biddy Jenkinson ag an dá ócáid. Colm Ó Torna ag cliceáil leis ag an dá ócáid do Saol. 'Nois, cá bhfuil m'autograph book ...

8 comments:

  1. Recte: Ó Doibhlin gan í fada, agus an Doibhlineach le n amháin, le hómós ceart a thabhirt dó.

    ReplyDelete
  2. Bheinn fhéin ag an ócáid seo dá mbeadh cloiste agam faoi in am! Triath Ó Doibhlin agus ómós dlite dó. Triath eile an fear a thug an ómós thar ceann na craoibhe.

    Míle buíochas as an dtuairisc.

    ReplyDelete
  3. grma, a Dennis. Ní raibh a fhios agam arbh fhearr Brendan nó Breandán a chur isteach, mar tá an dá leagan ann. A Aonghuis, gabh i dteagmháil le Coiscéim agus abair leo tú a chur ar an liosta teagmhála atá acu. Ach mar a dúirt mé, bhí scaifte i láthair agus dea-oíche againn. Ní le mioscais a deirim go raibh m'intinn ag imeacht ar strae ach bhí an seomra dubh le daoine agus teas brothallach ann dá dheasca sin.
    Beidh leabhar á láinseáil ag Coiscém sa Chlub Déardaoin an tseachtain seo chugainn (22 Samhain), má tá spéis agat ann, a A., 'Micheál Ó Mealláin' le Séamus Ó Mealláin, curtha in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh. 8i.n.

    ReplyDelete
  4. Ag tús na míosa seo caite bhíos i mBaile Átha Cliath ar feadh cúpla uair an chloig agus thug mé sciuird ar An Siopa Leabhar chun An Hobad agus an dá leabhar is déanaí le Liam Mac Cóil a cheannach. Agus cé chasfaí orm sa siopa ach Alan Titley agus shnínigh sé mo chóip nua-cheannaithe den Hobad dom! (B'eisean a thug an saothar chun críche.)

    ReplyDelete
  5. nach maith duit, a Ormondo. Tá mé ag fanacht ar an scannán anois, atá ag teacht amach ar ball, agus an leagan GAeilge ina dhiaidh sin ag pointe éigin. (Cén chanúint an dtabharfaidh siad do na hobaid chéanna, mbur mbarúil?)

    ReplyDelete
  6. Dá mbeadh sean-chanúint Thír Eoghain nó Thiobraid Árann ó lár na tíre fós ar fáil, bheadh siadsan oiriúnach. Tá siad le cloisteáil ar shuíomh an tionscadail Doegen.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.