Wednesday 24 April 2013

Ceolann mo mháthair




Ceolann mo mháthair. An lá ar fad. Go haerach agus go binn. Mar a bheadh laoch as scéal de chuid Mheiriceá Theas inti, ní labhraíonn sí níos mó, ach ceolann sí le haoibh. Ag tarraingt ar nócha, tá na feitheoga ag teannadh. Sin an scéal oifigiúil. ‘Néaltrú’ an téarma ceart. Ach ní leor an téarma sin ag na páistí a riar sí, ná ag an fhear a thóg abhaile ón seipéal í corradh is seasca bliain ó shin. Tá sí imithe in aois an linbh, agus mar a thug sí grá gan teorainn dúinne agus muid faoina cúram inár leanaí, titeann sé orainne an gar a aisíoc anois go fonnmhar.

Níl muid in inmhe an oiread sin a dhéanamh don bhinnbhean seo na n-amhrán, áfach. An fear atá ar chomhaois léi, is í bun  agus barr a shaoil anois í.  Ní fhaca tú cearc ariamh a bhí níos cúramaí faoina hál ná eisean faoina chéile. Mar sin de, caithfimid aire a thabhairt dó-san le gur féidir leis aire a thabhairt dithe.

Me féin, cluinim í ag ceol. Thuas staighre, thíos staighre, agus faoin staighre sa seomra beag a dtugann muid an ‘pantry’ air, leis. Amhráin as ‘Mary Poppins’, as ‘My Fair Lady’ agus ceolscannáin mhóra eile an tréimhse sin a bhíodh aici cúpla seachtain ó shin. Anois, áfach, táimid imithe siar ina hintinnn go dtí na daichidí (is dóigh liom). Tá amhráin aici a cheolann sí nár chuala mé riamh óna béal, agus nár chuala mé riamh ar na seanscannáin dubh-agus-bán. Déarfainn go mbaineann siad leis na damhsaí a bhíodh ann nuair a bhí sí óg, gan chlann, gan chúram.

Seasann sí ag an dabhach sa chistin ag ní na soithí (sin dualgas atá uirthi, in ainneoin is go gcathfidh tú na soithigh chéanna a ní athuair ina diaidh), gach tiún ag teacht amach ina rabharta focal. Níl sí in inmhe cuimhniú ar ainm m’fhir chéile, in amanna, ná ar ainm mo mhic, uaireanta. Ach diabhal focal a ndéanann sí dearmad air agus í i mbun ceoil. 

Tá cumhacht na ngrianghraf imithe. Go dtí le deireanas, bhí muid ábalta na cuimhní a mhúscailt ar feadh scáthaimh le seanghrianghrafanna. Bhí sí in inmhe cúpla scéal a rá (ba scéalaí déanta í go dtí cúpla bliain ó shin – chan scéalta miotaseolaíochta ach fíorscéalta den bhéaloideas pearsanta aici féin – a saol féin) agus bhí sí in inmhe cúpla rún a ligint a choinnigh sí leis na blianta. Ach sin scéal eile.

Cibé ar bith, táimid iontach sásta gur thaifead m’iníon í cúpla bliain ó shin mar chuid de thionscadal coláiste. Ag an am go raibh an tionscadal le déanamh, bheadh leisc orainn ceist a chur uirthi na scéalta a thaifead ar eagla go smaoineodh sí go rabhamar ag tuar a báis. Ach bhí leithscéal againn í a chur ar MP3 agus tá sin againn sa lá atá inniu ann. Tá roinnt de na scéalta againn. 

Anois caithfimid na hamhráin a thaifead!

1 comment:

  1. Ní raibh an donas riamh gan an sonas ina orlaí tríd ...

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.