Sunday 28 April 2013

Maith sibh agus misneach.

http://www.claredaly.ie/

Maith thú agus misneach, a Aodháin, agus maith thú, a Anne. Tá iarracht á dhéanamh an náire agus an brú a chuireann ar 100 bean imeacht thar lear á imirt oraibhse. 100 bean gach seachtain a bhfuil scéal taobh thiar dá n-imeacht, agus atá chomh trína chéile faoin nuacht acu go bhfuil siad ag iompar clainne is go bhfuil siad réidh an t-am agus an t-airgead a chaitheamh ar dhul go Sasana nó an Spáinn nó an Ísiltír nó áiteacha eile nach iad. Agus tuilleadh nach dtugann seoladh Éireannach, mar gheall ar an náire sin.

Fhad is go bhfuil na hargóintí ag dul ar aghaidh faoi pháiste vs féatas, faoi féinmharú vs dúlagar, tá mná ag pácáil a málaí agus ag ceannach ticéidí ar líne le gabháil trasna. Scéalta bróin, scéalta uafáis, scéalta éadóchais. Níl oiread agus bean amháin a thógann a mála le croí éadrom, ag súil go lúcháireach go mbeidh sí san fhaopach céanna riamh arís.

Cén saghas sochaí atá againn a thugann ar mhná breathnú ar shaol nua leis an oiread sin imeagla? Agus cén saghas sochaí atá againn a ligeann do dhaoine eile breithiúnas déistine a fhágáil ar na mná sin a thógann faoin chinneadh seo?

Fiche bliain ó shin bhí mé ag teagasc i scoil clochair  - cailíní amháin a bhí ar an scoil. Scoil ardnósach, mór-le-rá a bhí ann. Clúiteach. Táillí. Boladh an airgid fán fhoirgneamh.

Bhí mé sa seomra foirne lá agus muid ag tagairt ar an fheabhas a bhí tagtha ar an saol do mhná óga ó bhí muid féin an aois chéanna. Mar shampla, bhí mná óga in inmhe a gcuid páistí féin a choinneáil in áit iad a fháil uchtáilte, má tharla torrach iad ag an aois sin (aois na scoile). Rinne mé tagairt don scoil dheireanach a raibh mé ag teagasc ann, go raibh roinnt de na cailíní sin a bhí in inmhe teacht ar ais ar scoil agus a n-oideachas a chríochnú i ndiaidh leanaí bheith acu. Scoil aicme oibre a bhí ann, scoil clochair i bhfobhaile de chuid Bhaile Átha Cliath, agus ceantar bocht leis.Bhí clú agus cáil ar an cheantar ar a ghairbhe is a bhí sé. Rinne mé tagairt don iontas a bhí orm nach raibh oiread agus cailín amháin ón scoil ardnósach a bhí ag iompar clainne. Bhí mé ag glacadh leis gur mar gheall ar chúrsaí frithghiniúna bheith níos coitianta agus ar fáil níos forleithne i measc na ndaltaí sa scoil shaibhir gur tharla an dea-thoradh seo. D'fhéach bean thar an tábla orm go truacánta.

'A Réaltán,' ar sí, agus í ag gáire ag an am céanna, 'an gcreideann tú gur turais shiopadóireachta iad, dáiríre,  na turais seo uilig go Londain?'

Fiche bliain ó shin.

1 comment:

  1. @ Cén saghas sochaí atá againn

    Ceist mhaith, a chara!

    Alt an-mhaith, a Réaltán, uaitse agus ó na hiriseoirí sna páipéir nuachta aibhsithe agat thuas. Maith thú!



    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.