Wednesday 29 May 2013

Gradaim Ard-Mhéara Átha Cliath 2013

Buaiteoirí ghradaim an Ard-Mhéara ar an chairpéad dearg i mBaile átha Cliath anocht - foireann rugbaí na hÉireann (sin na mná áille ansin), Banna Cheoil an Gharda Síochána, Digidhaoine Átha Claith (grúpa de dhaoine idir ghnó agus rialtas a chuireann an saol leictreonach chun tosaigh i mBaile Átha Cliath), Homeless Street Soccer Squad, Roy O Donnell  agus Chris Hadfield (a rinne tuíteáil as Gaeilge ón spás).

Mar iarghleacaí mhúinteoireachta de chuid Fiona Coghlan, tuigim an obair agus an dua atá curtha isteach aici féin agus ag an chuid eile den fhoireann rugbaí le blianta fada roimh an oíche seo.

Agus bhí Paddy Wafer as Baile átha Cliath thar a bheith sásta bualadh le Fiona anocht.


agus Fiona, ag tús na hoíche, ar leac an dorais ag teach an ard-mhéara


2 comments:

  1. Is mór againn an éacht atá bainte amach ag na hÉireannaigh Mhisniúla seo.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.