Saturday 11 May 2013

níl 'na lá




Tá sé trí bhomaite i ndiaidh a sé ar maidin, maidin Dé Sathairn. Tá cór na maidine ag ceol in ard a ngutha sna crainn agus an ghrian ag spréadh a cuid solais thar an taobh seo tire.

Tá dream darb ainm Pieta House ag reachtáil siúlóide cúigchiliméadar i bPairc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath an oíche seo. Agus áiteanna eile ar fud na hÉireann. ‘Darkness into Light’ a bheir siad ar an siúlóid seo, ná tosaíonn an siúl sa dorchadas agus bíonn sé geal faoin am a chríochnaíonn tú an cúrsa.

Dream iad Pieta a chuireann seirbhísí gairmiúla comhairle agus leighis ar fáil do dhaoine  atá i mbaol dúnmharuithe, idir óg agus aosta. Tá siad i mBaile Átha Cliath agus i Luimneach. Is eagraíocht dheonach í, is eagraíocht  a bhfuil fás as cuimse tagtha uirthi.

Dhá bhliain ó shin chuir mé romham an cúig chiliméadar a shiúl. Ní mórán é sin do go leor daoine, ach i ndiaidh chaemo agus radaiteiripe ba sprioc beagnach dodhéanta agam é. Ach le cuidiú agus spreagadh ón chlár aclaíochta ag Cumann Ailse na hÉireann d’éirigh liom é a dhéanamh. Ná labhraimis faoin mhéid ama a thóg sé orm, ar ndóigh, ach bhí mé ar an duine deireanach thar an line an bhliain sin.

Thug mé fúm é a dhéanamh arís i mbliana. Tá an corp tagtha ar ais chuige féin roinnt, agus an siúl níos éasca. Bhí mé ag súil le bheith ar an dara duine deireanach an uair seo. 

B’ócáid shultmhar a bhí ann an chéaduair a rinne mé é. Bhíodh an lucht reatha chun tosaigh, ag imeacht romhainn, agus ansin an lucht joggála. Bhí daoine a rinne an cúrsa mar rás rothar chomh maith. Agus cúpla duine le scátaí! Ina dhiaidh sin tháinig an lucht siúil – daoine óga is aosta, daoine le buggies agus leanaí ina gcodladh iontu, daoine eile agus madaidh ar théad acu. Cairde a d’fhan an oíche ar fad múscailte, daoine a chodail ach a d’éirigh don chúrsa, Bhí an scaifte mór gan bheith rómhór, fáth ag gach duine ansin bheith san áit áirithe sin ag déanamh an chúrsa áirithe sin. Tá féinmharú linn i gcónaí.

Dhá bhliain ó shin d’fhág mé féin is an iníon an teach agus bhí muid sa Pháirc ar fiche chun a ceathair, an t-léine faighte againn, buidéal uisce inár nglaic, réidh le tosú. Clárú déanta.

I mbliana, d’fhágamar an teach ag an am céanna. Óinseacha. Bhí an trácht stopaithe an bealach ar fad síos balla na Páirce, timpeall 4 chiliméadar de charranna pairceáilte ar an dá thaobh den bhóthar. Carrcarrcarrcarrcarr.Ar leath i ndiaidh a trí ar maidin.  Faoin am a fuaireamar isteach sa Pháirc féin, bhí carranna pairceáilte an bealach ar fad suas. Carrcarrcarrcarrcarr. 4 chiliméadar eile? Agus ar na taobhbhóithre ar fud na páirce. 10 gciliméadar eile de charranna páirceáilte. Carrcarrcarrcarr. Bhí sé leathuair tar eis a ceathair nuair a bhaineamar lár na Páirce amach le peas ár dtreorú agus fiú ansin ní raibh páirceáil ar fáil. Dar leis an iníon, ba chosúla le hOxegen ná Pieta é. Ní bhfuaireamar aon t-léine i mbliana – faoin am a bhfaighimis an carr páirceáilte agus a shiúlfaimis go dtí an bothán cláraithe bheadh sé leath i ndiaidh a cúig, mheas muid. Ar ndóigh, ó bhí an t-airgead íoctha againn cheana le clárú níor mhotháiomar ró-olc. Rachaimid ag siúl tráthnóna!

Stopaithe sa trácht ar 3.30 ar maidin taobh leis an Pháirc

Bhain an méid daoine a bhí ag freastal ar an ócáid an t-anáil díom. Beidh taithí ag an chuid is mó acu ar féinmharú, faraor. Tá an t-éadóchas ina stoirm ar an oileán seo. Agus na huimhreacha ansin anocht sa Pháirc – agus na háiteacha eile ar fud na tire – lena chruthú.





1 comment:

  1. @ Tá an t-éadóchas ina stoirm ar an oileán seo. 

    Tá, faraor, agus maith thú féin, a Réaltán, agus na daoine eile sin uilig, as bhur gcuid ama agus bhur gcuid tacaíochta a thabhairt don eagraíocht iontach seo.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.