Friday 5 July 2013

Fleá faoin aer




Leithscéal agus buíochas ar dtús - tá Aonghus dícheallach ag cur nótaí chugam ó na Cnocadóirí. Tá an droim do mo bhuaireamh faoi láthair ach beidh mé cinnte siúráilte ag clárú leo nuair a bheas an cnámharlach ina cheart.

Ní raibh an droim do mo chur ón chóisir faoin aer in Áras an Uachtaráin, áfach. Tá mé ag tabhairt ranganna Gaeilge istigh ann gach seachtain ón Nollaig anois, faoi  choimirce Chonradh na Gaeilge. Bhí lúcháir orm an cuireadh a fháil, mar de ghnáth bím sna hoifigí  ('faoin staighre', mar a deirfeá) agus seans a bhí ann an chuid eile den teach a fheiceáil.

Chláraíomar - é féin agus an céile - ar dtús. Agus ansin ar aghaidh linn i mbusanna ar leith ón teach cláraithe go dtí an Teach féin. Cúrsaí slándála, ar ndóigh. Ní raibh mé in ann an Micra beag a thiomáint isteach an gheata tosaigh ar nós gach lá eile!



Bhí idir óg is aosta ann, gach duine gléasta go néata, de réir a maoine. Bhí Brown Thomas ann, bhí Penney's ann agus bhí Dunnes ann. agus gach duine ar aon chéim leis an duine eile ag an doras tosaigh.




Ar aghaidh linn sa scuaine le lámh a chroitheadh leis féin. Labhair mé le cúpla duine ar mo  bhealach síos tríd na seomra stáit. Agus d'éist me leis an cheol.




Bhí sé ag stealladh báistí ar maidin ach bhí an lá glanta
faoin am gur chroitheamar is gur shroicheamar an taobh eile den teach. Amach linn faoin aer. Bhí tram ansin ó aimsir 1913 (agus thrácht Micheál D. air sin in a óráid níba mhoille).


Tae agus rudaí beaga deasa le hithe...



Agus isteach chuig an phuball siamsaíochta linn. Briseann an dúchas amach, is léir. Bhí 'Dordán' ag seinnm, agus 'T with the Maggies', agus bhí Scott de Buitléar ina Fhear a' Tí.

Nuair a landáil Micheál D. agus Sabina isteach (agus an slua slándála thart orthu, ar ndóigh), réabadh díon an phubaill leis an bhualadh bos mór a fuair siad. Shílfeá gur Bono a bhí ann. Thug sé óráid nach raibh ró-fhada (!) agus glacadh grianghrafanna le gach duine a sheinn. Ansin bhuaileamar bóthar.

Tráthnóna fada.



3 comments:

  1. @Bhí idir óg is aosta ann, gach duine gléasta go néata, de réir a maoine. Bhí Brown Thomas ann, bhí Penney's ann agus bhí Dunnes ann.


    Ó abair deismireacht.
    Chuala mé riamh, tá ordlathas sna SAM bunaithe ar mhaoin, agus i Sasana bunaithe ar aicme, agus níl fhios ag éinne cad air a tá sé bunaithe in Éirinn.
    D'aimsigh tú é!!

    Fearn

    ReplyDelete
  2. Níl a bhuíochas ort, Réaltán. Nára fada go raibh biseach ar do chnámharlach!

    ReplyDelete
  3. Nach tú atá ag breathnú go breá!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.