Tuesday 17 September 2013

Le seanad nó le dísheanad?


Lá salach i mBaile Átha Cliath inniu. Fliuchas agus fuacht. Tá an fómhar linn, cinnte.

Ar mo bhealach ar ais chuig an charr ag teacht amach as Raidió na Life, thug mé faoi deara go raibh am póstaeir ann arís. Don reifreann i nDeireadh an Fhómhair, an iarraidh seo. Agus na turcaithe ag vótáil ar son na Nollag, chonacthas domh, leis na páirtithe rialtais ag moladh vóta 'Tá' le dieradh a chur leis an Seanad.


Ní hé nach mbeidh mé féin ag vótáil 'Tá'. Beidh. Tá ceathrar againn sa teach le vótaí don Dáil. Níl ach duine amháin a bhfuil vóta aige don Seanad, agus dhá vóta aige, do dhá choiste, lena chois. An triúr eile sa teach, níl guth ar bith againn don teach 'uachtarach'. Is léir gur cosmhuintir muid i dtéarmaí polaitiúla. Saoránaigh den dara grád.

Sin trí vóta 'Tá' mar thús, agus vóta ón duine eile le deireadh a chur lena ré aonarach sa teach i vótaí reifrinn. Caithfidh sé vótáil leis na turc-... leis an pháirtí. 

3 comments:

  1. B'fhiú duit féachaint ar an gceist arís. D'fheadfaí an córas vótála don Seanad a leasú - go deimhin ritheadh reifreann tríocha bliain ó shin chun na toghlaigh hOllscoile a leathnú amach, ach ní rinneadh é. Ceist reachtaíochta, ní bunreachta, toghlach an tSeanaid. (Dála an scéil má tá céim ag do nuachar tá dhá vóta aige don Seanad - ar a laghad)

    Gné eile den gceist ná go mbainfear foráil as an mBunreacht *ar fad* a thugann cumhacht don Uachtarán Bille a chuir faoi bhráid an phobail i Reifreann.

    Neartódh easpa seanad marbhfháisc an Fheidhmeannas ar an Reachtas. Ní dul chun cinn daonlathach é sin.

    ReplyDelete
  2. Ní fheicim cén tabhacht a bhaineann leis an Seanad, a Aonghuis. Toghtar na seanadóirí ar bhonn neamhdhaonlathach agus go heisiach. Mar a dúirt mé, tá dhá vóta Aige Féin sa teach (nó trí cheann, más fíor duit, dhá vóta céime? agus vóta eile chomh maith). Tá beirt chéimí eile sa teach gan oiread is vóta eadrainn. Beidh vóta ar ball (tá súil againn) ag an cheathrú duine nach gcaitheann vóta ariamh...
    Ach ní aontaím le bunchloch an tSeanaid - teach uachtarach d'aicme uachtarach atá ann. B'fhearr liom deireadh a chur leis an choiste seo gan fiacla.Tuigim do bhuaireamh faoin chumhacht ar fad bheith ag an Dáil ach is mar sin atá i láthair na huaire cibé ar bith - iad féin agus an Troika.

    ReplyDelete
  3. Ní faoin Dáil atáim buartha - níl cumhacht dá laghad ag an Dáil faoi láthair.

    Aontaím leat go bhfuil an Seanad, mar atá, lofa. Mar atá an Dáil. Dá ndéanfaí leasú ó bhun ar an Oireachtas, agus fáil réidh leis an tSeanad mar chuid de, bheinn ar shon.

    Feictear dom áfach gur sop in áit na scuaibe an reifreann seo - cuma an leasaithe, ach gan aon athrú dáiríre ar chúrsaí seachas an dornán guth neamhspleách atá ann sa Reachtas, ainneoin gach iarracht ag na polaiteoirí gairmiúla a choinneáil amach ón reachtaíocht.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.