Tuesday 29 October 2013

Sparán agus máilín coime

bonn leathchoróin ó 1940


'Shawlie' a bhí i mo mháthair mhór. Bean tuaithe a tháinig as an Chorr Croiche i dTír Eoghain agus a lonnaigh i mBéal Feirste. Ach má lonnaigh, níor thréig sí an seál dubh. Bhí a fhios againn faoi seo le fada, ná tá pictiúr di agus an seál uirthi in ArdEaglais Naomh Peadair i mBéal Feirste go luath sna daichidí le feiceáil i gcúpla leabhar a bhaineann le stair Bhéal Feirste. Ach ar ndóigh, níl teacht againn féin air!

an sparán

Rud ar tháinig m'athair air ar na mallaibh, áfach, ná an máilín a chaith sí thart ar a coim leis an sparán leathair airigid agus a snaoisín agus cibé riachtanas beag eile a bhí aici istigh ann. Bhí an máilín seo aici sular tháinig málaí laimhe isteach san fhaisean, agus bhí sé de bhuntáiste aici gur choinnigh sé an dá lamh saor leis an seál a choinneáil druidte agus greim a choinneáil ar pháiste!  Thuas, tá pictiúr den sparán airgid, lena leathchoróin (dhá scilling agus sé pingine) ón bhliain 1940. Tháinig an sparán ó Lourdes, is léir. Bronntanas ó bhean de na h-iníonacha a chuaigh ann le heagraíochtaí eaglasta.

an máilín

Ach tá an máilín i bhfad níos suimiúla ná an sparán, dar liom. Déanta de phíosaí líneadaigh agus píosa eile canbháis, le cúpla píosa gearrtha amach as cadás priontáilte,  agus ornáidíocht le snáth trom. Bailedhéanta. Ní raibh lámh iontach aici ag an fhuáil, bail ó Mhor uirthi, rud a lean síos tríd na glúnta! Ach tá an máilín láidir agus tá sé beagnach céad bliain d'aois ag an phointe seo.

an béal

Tá treisiú curtha leis an imeall agus leis an bhéal, rud a gearradh thíos faoin chroí a ghreamaigh sí leis an mháilín.Tá na greimeanna mór ach tá siad uilig go léir ann, na blianta fada ina diaidh. Tá an máilín 14 nó15 orlach d'fhad, agus 6-7 n-orlach trasna.

Is píosa iontach é a cheanglaíonn muid leis an chathair fadó, leis na mná tuaithe, leis an am ina ndearna tú gach uile rud a chaith tú, le píosaí a bhí caite ar leataobh sna monarchana agus ar na duganna sa chathair seo. Ba mhaith liom smaointiú gur thug m'athair mór - dugadóir - roinnt den ábhar a cuireadh isteach sa mháilín anseo do mo mháthair mhór. Ach seans nach bhfuil ansin ach maoithneachas. Mar an gcéanna leis an sparán. Chuaigh mo mháthair agus a deirfiúracha go Lourdes leis an deoise cúpla uair, agus aimsíodh ailse ar mo mháthair mhór thart faoin dáta céanna leis an leathchoróin. Níor spáráil an sparán as Lourdes ó bhás luath í, áfach. Ní leigheasann an creideamh gach rud. Ach léiríonn an sparán dóchas, cinnte. Agus tá dóchas tabhachtach.

cúl an mháilín
Tá mé ag iarraidh ar m'athair an mála a fhágáil ag iarsmalann seachas ag duine ar bith againn féin. Cuirfidh mé i gcuimhne dó arís i gcionn tamaill - má tá smaoineamh ag éinne faoin áit is fearr dó fág scéala!


7 comments:

  1. Spéisiúil. Raibh an leathchoróin fós sa sparán? In aghaidh lá na coise tinne? Leathchoróin de chuid an Saorstáit i mBéal Feirste?

    ReplyDelete
  2. Rí-spéisiúl ar fad. Tá mé dall ar na héadaí a chaith na Gaeil, fiús leathchéad bliain ó shin.

    Fearn

    ReplyDelete
  3. An-suimiúil mar scéilín agus mar rud nár chaill a stair, a bhuí leatsa.

    ReplyDelete
  4. @ Aonghus
    an t-am sin bhíodh boinn de chuid 'an tSaorstáit' go flúirseach sa Tuaisceart, agus mar an gcéanna sa 'Saorstát'. Sterling ag dul an dá thaobh den teorainn. Is iomaí sterling Éireannach a chinaic mé i mBéal Feirste agus is iomaí sterling Sasanach/Tuaisceartach a chonaic mé i dTír Chonaill. Bhí an leathchoróin fós istigh sa sparán. Déarfainn gur thóg mo mháthair an sparán is a raibh ann mar chuimhne ar a máthair a bhí básaithe cúpla bliain sular phós sí féin.

    ReplyDelete
  5. Is cuimhin liom boinn de chuid na Ríochta Aontaithe a bheith in úsáid abhus, ach shíl mé nach raibh glacadh le boinn an daorstáit san dlínse eile.

    ReplyDelete
  6. Mar a thrácht mé thall ar shuíomh an ghrúpa 'Gaeilge Amháin' ar Facebook, a Réaltán, go raibh céad míle maith agat as an scéilín álainn seo a roinnt linn.

    Barróg mhór faoi iamh duit, a chara..:-)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.