Tuesday 19 November 2013

Ina chogadh dhearg



Ní hé gur bean achrannach mé. Ach ar nós go leor daoine eile is beag orm ró-bhrú ó dhaoine eile. Cead a gcinn ag daoine eile a mbarúlacha féin bheith acu, ach gan na tuairimí sin a shá síos mo scornach.

Tá mé i mo chónaí in eastát measartha nua. Cheannaíomar an teach - nó an morgáiste, ba chirte a rá -  nuair a bhí praghsanna ard ach insroichte go fóill. Tá go leor daoine a cheannaigh a gcuid teach féin níos faide anonn i ré an Tíogair Cheiltigh, agus a bhfuil fiacha móra orthu dá réir (seachas an lanúin a bhuaigh suim mhór sa Lotto cúpla bliain ó shin, a chuir na geataí leictreonacha  isteach ina dhiaidh sin). De dheasca na bpraghsanna arda a d'íoc siad, is dócha go gcreideann siad gurbh fhiú na suimeanna céanna na tithe atá againn - tithe leathscoite i mbruachbhaile i mBaile Átha Cliath. Leathscoite, a deirim! Ach is dóigh le roinnt de na comharsan gur pálásanna beaga atá acu, agus ag cuid acu tá an éirí in airde ag dul i ndonas gach lá. Tagann roinnt acu ó am go ham go rialta ag cruinniú síntiúis d'achainí dó seo nó chuige siúd.

Sampla - níl siad ag iarraidh go mbeadh 'stráinséirí' ag páirceáil taobh amuigh dá dtithe ar an sráid. Tá bunscoil buailte linn agus déanann tuismitheoirí a gcuid carranna a pháirceáil agus iad ag fágáil a gcúram ar scoil nó á dtógáil. De réir an bhean a tháinig chuig mo dhoras, ní raibh sé seo maith go leor...
Sampla - táthar ag iarraidh bearnaí sna fálta thart ar an eastát a dhúnadh mar go bhfuil 'hoodie types' ag gabháil anonn is anall tríd an eastát. Ní raibh mé chun a mhíniú gur mo mhac féin a bhí i gceist an chuid is mó den am, nó mic mo chomharsan béal dorais. Ach mhínigh mé nach raibh mé ag iarraidh cónaí i ndún dúnta druidte ach an oiread. Dá mba mhian liom a leithéid, cheannóinn geataí leictreonacha.

Ach roinnt seachtainí ó shin tháinig mé abhaile ó na siopaí sa dorchadas agus mhothaigh mé go raibh rud éigin sa gháirdín tosaigh as áit, nó as alt, nó in aimhréidh. Agus bhí. Bhí seanphailm a bhíodh ina seasamh sa choirnéal ann sular fhág mé an teach ar iarraidh nuair a d'fhill mé. Pailm a fuair bás orm cúpla uair thar na blianta leis an fhuacht, ach a tháinig ar ais arís is arís eile.

Chuartaigh mé thart gur tháinig mé uirthi, ina luí taobh leis an bhalla. Bainte.

D'fhiafraigh mé ón 'hoodie type' sa chistin ag ól tae an eisean a bhain an crann as a sheasamh. Níorbh é. D'fhiafraigh mé ó m'fhear chéile, an 'culaith type'. Níorbh é.

Cúpla lá ina dhiaidh sin bheannaigh mé d'fhear an achainí ar an sráid.
'Bhí do chrann ar fíor', ar seisean, 'bhain mé as an chré é sula dtitfeadh sé.'

Nach mór an gar na comharsana deasa agam? Tá siad chomh deas sin go bhfuil mé chun an saol a éascú daofa rud beag. Ní bheidh call acu mórán maisiúchán Nollag a chur amach i mbliana. Ní chuireann, cibé ar bith. Tá siad i bhfad ró-shibhialta agus meán-aicmeach agus múinte le mórán maisiúchán a chur amach aimsir na Nollag. Seachas cúpla solas, b'fhéidir. Soilse geala, ar ndóigh. Gan bacaint leis an truflais daite sin. In ainneoin na leanaí óga ata acu. Caithfidh go mbíonn na tuismitheoirí cráite ag a gcuid páistí, ag screadaíl agus ag béicíl faoi Shantaí a luaithe is a fheiceann siad an chéad mhaisiúchán ar an sráid. Ag síorchaoineadh is ag gol faoin Nollaig. Na créatúir.

ó, amharc cad a cheannaigh mé inniu ... agus atá curtha in airde agam ar an doras tosaigh ...
                           


'Nois, suas chuig an áiléar liom go gcuartaím na soilse daite sin don phóirse. Más féidir liom teacht ar sheanfhia plaisteach ann chomh maith, is amhlaidh is fearr é.

4 comments:

  1. Cogadh na gcomharsan ... beidh tú ag lettáil an side down, bail ó dhia ort! Treise leat!

    ReplyDelete
  2. Deirtear gur beag an rud máthair an oilc, ach feictear gur míthuigse atá ar bun anseo. Míthuigse i leith an óige, míthuigse i leith stráinséirí, míthuigse i leith an réitigh, míthuigse i leith an crann ar fiar, míthuigse i leith cad is comharsa ann.

    Dúirt cara liom uair: is túisce míthuigse ná tuigse. Tá súil agam go n-aibífar tuigse sar i bhfad.


    Fearn

    ReplyDelete
  3. @ Más féidir liom teacht ar sheanfhia plaisteach

    Má bhíonn aon cheo eile uait, táim cinnte go mbeinn in ann cúpla rud a fháil ón Pound Shop anseo duit, le cuidiú leat, an dtuigeann tú..;-)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.