Monday 9 December 2013

Dáta don dialann




Is breá liom an Leabharlann Náisiúnta i Sráid Chill Dara i mBaile Átha Cliath. Múinim rang díreach trasna an bhóthair uaidh maidin Dé Chéadaoin agus is breá liom bualadh isteach ann in a dhiaidh sin ar feadh uaire chun cúpla focal a scríobh sa halla léitheoireachta in airde staighre roimh an chéad rang eile thart an coirnéal.

Bíonn sé suaimhneach istigh ann, agus tá fairsinge agus gile le braithstin san áit leis an chruinneachán mór ard atá ann. Tagann turasóirí isteach agus fanann siad ag an doras ag féachaint thart orthu le hiontas. Tagann grúpaí scoile de dhéagóirí isteach agus fanann siad gar don doras ag iarraidh ealú amach le bheith in ann labhairt os ard arís.

Bíonn na deascanna leathlán ar an aimsir seo, le scoláirí óga agus daoine meánaosta nó aosta ag déanamh taighde. Níl cead peann a úsáid, caithfear nótaí a bhreacadh le peann luaidhe.  Ach bíonn ríomhaire glúine inghlactha ach iad bheith ciúin. D'imigh siad ón chlaíomh go dtí an mhicrishlis d'aon léim amháin anseo, is léir.


Tá seomra taispeántais in ísle staighre ar fad ar fad, agus faoi láthair tá taispeántas de W.B. Yeats ar siúl acu. Bhain mé an-sult as, maidin amháin. Bhain mé sult as Séamus Heaney ag rá dá mbeadh Yeats beo inniu, agus an gheaitsíocht ar fad a bhíodh aige.

Tá gach rud saor in aisce, ar ndóigh, seachas an caife agus na scónnaí sa chaife. Nod. Gabh thart an coirnéal go Kilkenny Design. Níos saoire agus níos fearr. (Bricfeasta iomlán agus te ar cúig euro, caife agus arán rósta san áireamh). Agus radharc amach thar Choláiste na Trionóide, leis. Ach is áit í le gabháil isteach ann tú féin, nó na páistí a thabhairt isteach ann sa chathair.

Dé Luain seo chugainn mar shampla -

16 Nollaig 2013 ar a sé tráthnóna....
Beidh láinseail leabhar ann ó Chomhar. Seolfaidh Íte Ní Chionnaith roinnt leabhar (nooooo, níl an Nollaig ag teacht ) chomh maith le móreagrán Mhí na Nolag na hirise, Comhar. Ar na leabhair a sheolfar beidh -

An Guth Baineann (Áine Ní Ghlinn) (filíocht - ag súil go mór leis)
Nílim ag iarraidh dul ar scoil (Áine Ní Ghlinn & Carol Betera) (leabhar do pháistí)
An Uaigh (Laoise Ní Chléirigh)
Eoghan Ó hAnluain: Creidim fós agus aistí eile (Éilis Ní Anluain, eag.)
Laethanta Gréine & Oicheanta Sí (Caoimhe Nic Lochlainn & Ríona Nic Congáil, eag.)

Filíocht agus síscéalta. Ní féidir iad a bhualadh amach.

Agus nod eile, do na mná, ar a laghad. Na fág an áit gan na leithris a fheiceáil...
 
http://www.flickr.com/photos/hembo/671245329/

3 comments:

  1. Tá leithreas na bhfear chomh galánta céanna!

    An áit, leoga.

    ReplyDelete
  2. Beidh caife againn ann, an chéad uair eile a bheidh mé i mBÁC, a Réaltán..:-}

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.