Sunday 12 January 2014

Gúgláil

http://michellehaurilakphotography.wordpress.com/

Caidreamh nua beartaithe ar na gaoraibh idir Ryanair agus Google, is cosúil. Ní dócha go bhfuil aon rud réabhlóideach sna cúrsaí seo,  ach go bhfuil ceisteanna ann faoi rannadh eolais phearsanta. Ach pléifear sin sna cúirteanna, tá mé cinnte.

An rud a bhuail mé féin, áfach, ná meon Mhichael O'Leary, ceannaire gnó an chomhlachta, nuair a dúirt sé san alt (nasc thuas) :

"For example, if you fly business 12 times a year, we'll say something like, "If you fly 13 times, here's a free ticket for your wife.'"

Ní raibh a fhios agam go raibh ráta gnó ag Ryanair, cibé ar bith. Ghlac mé leis go raibh a gcuid taillí bunaithe ar loighic eile: málaí, áit suí, srl. Ach glactar leis anseo nach mbíonn mná ag eitilt dá ndeoin féin ar bhonn gnó.  Seans nach bhfuil oiread is bean gnó amháin sa tír? B'é sin an rud atá an Laoghaireach ag maíomh?

1 comment:

  1. Chuaigh mé chuig an nasc a bhí aibhsithe agat, agus léigh mé an t-alt sa nuachtán sular léigh mé an chuid eile de do bhlagmhír, a Réaltán, agus thug mé an rud ceannan céanna faoi deara!

    Agus céard faoi na daoine nach bhfuil pósta, agus céard faoi na fir atá pósta le fir - an é nach bhfaighidh na daoine sin aon aird/ticéad sa bhreis, ach oiread leis na mná atá i mbun gnó?

    Tá an sean mheon aigne fós beo beathach, is cosúil...ochón.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.