Thursday 23 January 2014

Ionad feabhais...



Ionad feabhais mo thóin. Easpa cumarsáide, drochthraenáil, crá croí.

Tá fearg orm. B'fhéidir go dtugann sibh é sin faoi deara? Nuair a chailleann Ionad Feabhais Ailse do chuid sonraí, nuair nach gcuireann siad coinne athbhreithnithe amach go dtí go gcuireann tú ceithre scáirt gutháin  i ndiaidh a chéile ar rannóga éagsúla istigh san ionad feabhais chéanna, nuair atá daoine ag obair ann do chur ar strae le heolas mícheart agus míchruinn, nuair nach bhfreagraíonn an roinn gearáin do ríomhphoist go dtí go gcuireann tú ball den bhord bainistíochta mar 'cc' leis...


Tá mé i ndiaidh an tseachtain is dochreidte bómánta de mo shaol a chur isteach le hIonad Feabhais Naomh Shéamais.

1. Tá gearradh siar ar an chlinic limféidéime (fisiteiripeoir amháin ag obair leis féin féinig) agus beidh orm mo chuid balcaisí limféidéime a cheannach as seo amach - cuireadh ar fáil iad roimhe seo mar is iad siúd amháin a choinníonn an diabhal rud faoi smacht. Sin cúig chéad euro sa bhreis gach bliain.

2. Chaill siad mo chuid sonraí. Mar gheall air seo níor shocraigh siad coinne athbhreithnithe dom go dtí an 30ú den mhí seo - in áit a bheith agam i Mí Mheán an Fhómhair 2013. Cúig mhí mall. Agus ní bheadh an coinne agam fós ach gur chuir mé scáirt ar oifigí éagsúla san áit ag iarraidh fáil amach cér leis mé (cén dochtúir). Sa deireadh ghlac duine den lucht riaracháin uirthi féin mo scéal a fhiosrú. Ghlac sin coicís. Easpa cumarsáide.

3. Dúradh liom ag an mhamagram deireanach go mbeinn ag pilleadh ar mhuintir BreastCheck as seo amach le haghaidh mamagraim gach dara bliain. Fuair mé litir ó BreastCheck le coinne don mhí seo chugainn. Nuair a ghlaoigh mé orthu le míniú nach mbeadh an coinne de dhíth orm ar chor ar bith i mbliana dúradh liom nár cheart dom bheith ar a gcuid leabharthaí a thuilleadh, ach ar leabharthaí Ospidéil Shéamais... Roinnt glaoch gutháin eile leis an scéal seo a chur ina cheart leis an ionad feabhais. Drochthraenáil.

4. Tá trí ríomhphost curtha isteach agam chuig an bhainisteoir gearáin ón Luan. Ach ní bhfuair mé admháil go dtí inniu, nuair a chuir mé cóip 'cc' chuig ball den bhord bainistíochta. Crá croí.


Níl mé sásta.

5 comments:

  1. Bhfuil Ombudmansman ann don seirbhís sláinte? Sin dochreidte mí éifeachtach.

    ReplyDelete
  2. is é a gnáth-ombudsman atá ann. Muna dtarraingníonn siad siar ar an chinneadh don chlinic limféidéime seans go rachainn i dteagmháil leis/léi mar gheall air sin. Ach bíonn bainisteoirí riosca ag na hospidéil uilig anois agus bheadh sé níos oiriúnaí dul i dteagmháil léi/leis siúd ar dtús mar gheall ar an chailliúint sonraí agus monatóireacht iar-ailse. Ach cuireann sé goimh orm nach bhfuair mé fragra go dtí gur tharraing mé ball den bhord bainistíochta isteach sa chomhfhreagras ríomhphoist.

    ReplyDelete
  3. Millteanach millteanach millteanach! Go maire tú an ionad feabhais, a chara.

    ReplyDelete
  4. Scéal scanrúil! Is maith an rud é gur lean tú ar aghaidh--samhlaigh na daoine a dtiocfadh lagmhisneach orthu agus a ndearmadfaí dá bharr sin!

    ReplyDelete
  5. díreach an pointe atá me á dhéanamh sna gearáin atá mé ag cur chuig an ospidéal, polaiteoirí, Cumann Ailse na hÉireann, Cumann na mBan éireann....

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.