Tuesday 18 February 2014

Na mionrudaí


Is iad na mionrudaí a chuireann ola ar do chroí. An blas breá Gaoth Dobhaireach ar an ghuthán tí tráthnóna, mar shampla.

Tá an teachtaireacht ar an mheaisín freagartha ar mo ghuthán sa teach dátheangach. 'M'ainm, ainm mo chéile, fag teachtaireacht, leave a message'. Agus d'fhág.
'Tá...em...tá computer agam le fágáil isteach agaibh. Beidh mé ag bualadh isteach chugaibh fá cheann leathuaire'. An 'r' fíorchaol, aige, an 'á' Conallach.

Agus bhí. Leathuair ina dhiaidh sin. Ríomhaire mo mhic ar lig sé dó titim agus a chuir sé ar shiúl le deisiú chuig lucht an árachais (a bhuí le Mor!). Don dara huair.

Fear le blas agus teanga Thír Chonaill. Ach gur scáirt sé roimh ré agus go bhfuair sé mo theachtaireacht ní bheadh a fhios aige go raibh Gaeilge agam, ná ní bheadh a fhios agam gur fear séimh Conallach a bhí ann.

Ait an mac an saol. Na rudaí beaga.

2 comments:

  1. Dóigh eile leis an mbratach a thaispeáint! Maith thú!
    :-)

    ReplyDelete
  2. Toradh breá na "fiontraíochta". Treise leat!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.