Friday 21 March 2014

Turas Ailse

Díreach in am don Lá Ailse. Seo an téacs den chnuasach véarsaíochta a foilsíodh cúpla bliain ó shin ag Coiscéim. Ní chuireann siad féin ábhar amach go leictreonach, mar sin de, seo chugaibh é..

Is í m'iníon, Siubhán, a dhear an clúdach don leabhar sin (thuas), bunaithe ar phortráid grianghrafadóra díom nuair a bhí mé beag bídeach.

Níl mé ag rá gur filíocht chruthanta atá anseo, ach is taifead fial é ar an turas a thosaigh mé i 2008 agus a shiúlaim go fóill.

Má thaitníonn aon cheann de na véarsaí thíos libh, caith cúpla pingin nó roinnt cent sa bhosca an t-am seo den bhliain ag na heagraíochtaí deonacha -  ar nós Action Cancer agus Cumann Ailse na hÉireann. Le mbur dtoil.




Turas Ailse ©
le
Réaltán Ní Leannáin

Do Mháire Ní Chéilleachair, a fuair bás le hailse, maraon le Linda, Dónall agus Carol, a fuair bás le linn mo thurais.
Agus i gcuimhne Mick Boran, a thug beatha.

Clár


Insint
Bithóipse
An bhanaltra ailse
Cairde
Gruagairí
Samhradh
Comhrá liom féin
Ar an bharda sceana
Ag siúl isteach in MacMillan
Na focla
Bearradh
Téarma nua
Folt
Tinn tuirseach
Cóisir
An bhanaltra dhána
Dubh dóite
Barda an bháis
An ceathrú hurlár
An bhrídeog
Féar úr
Earrach
An trí ní








Insint

No, no, no.
Tá an duine contráilte agat.
Níl sin sa chlann s’againne,
Na frídíní beaga bídeacha i mo chíoch chlé
Ar nós damhsóirí ag déanamh seite.
Iad sin is cúis leis seo.
 Óó… ó…
Tchím é
Ar an ultrafhuaim.
Trom, tromluí trom, píosa trom
I mo chorp istigh
Loch beag dubh ar an ultrafhuaim.
Screadaíl,
Gol…
Níl aon aer sa seomra seo
Cá’il an ciarsúr…
‘’nois tá an chéad duine eile le feiceáil agam;
Gabh amach led’ thoil,
Slán, slán, a chroí, gabh abhaile le d’ualach.’

©Réaltán Ní Leannáin




Bithóipse

Aiméan do na hinnill.
Leaba in airde san aer agus staighre bheag le dreapadh,
Cíoch ar luascadh anuas.
Plaistic fuar, druil mín miotail.
Ó, amharc air sin -
Pictiúr blátha ar an bhalla
I lár na cúistiúnachta meánaoisí seo.
Ag titim i mo chodladh
Ar an leaba
Mar nár chodail mé le seachtain.
Mothaím sá beag i mo chíoch,
Tuar ar an todhchaí.
Fuil is feoil,
Scian is sceon.
Deora goirte
Don chíoch thirim
Nach mbeathaíonn a thuilleadh.

©Réaltán Ní Leannáin        





An bhanaltra ailse

Blahblah, blah…’
Tá sí séimh, siúráilte
De na rudaí atá romham,
Cinnte ach cineálta,
Aingeal seo, madame na péine.
Blahblah, blah
Scian, drugaí,
Saol iarsceana,
Uilig ag sileadh ó do bheola ciúine báúla.
Blahblah, blah, blah…’
‘An stopfaidh mé?
Bhfuil do sháith agat inniu?
Ar mhaith leat deoch?
Ciarsúr?’
Corp nua – bheadh sin ina sheift agam.
Blahblah, blah, blah, blah…’
Níl bláth ar an aimsir,
Ná bláthú ar mo thuras,
Is mo dhroim ag dul tríd an bhalla,
Ag cúlú ón aistear atá le theacht.

©Réaltán Ní Leannáin





Cairde

Scáthán bhur ndóchais
Nó bhur n-éadóchais féin.
Sceon in bhur súile.

Buíochas le dia
Nach muide atá ann,
Nach muide,
Nach muide.

Is trua nach mise,
Nach mise,
Nach mise,
Is trua nach mise mo chairde.

Ach ní tusa a chaith, ar siad
Is muide a chaith.
Ní tusa a d’ól,
Is muide a d’ól.
Ach is mise a bhain an fómhar.

Ag iarraidh diúltú don uafás.
Caoineann siad,
Imíonn siad,
Tost.

©Réaltán Ní Leannáin





Gruagairí

Salon beag béal dorais,
Gan cappucino, gan só.
Seanphlaistic is péint aosta,
Scátháin gan framaí.
Beirt mhuileach á reachtáil,
Geabach, giodalach, cabaireach.
‘Cad a thug ort an liath a cheilt aige seo?’
‘Athrú intinne’ ar mise,
Go bog, ciúin, i gcogar.
‘Agus cén dath?’, an dathchlár ar láimh.
Fút féin a fhágaim é, a mhuileach bheag.
Agus cíorann sí mo ghruaig agus cíorann sí mo scéal
Amach as m’intinn mheilte, bhrúite,
Agus tagann na scéalta acu siúd…
Deirfiúr a d’aimsigh cnapán agus a fuair leigheas.
Máthair mhór a d’aimsigh cnapán agus a fuair bás.
An mhuileach eile lena cnapán gan dochar,
Ina luí go ciúin sochar ina cíoch-sa féin.
‘Seo, leag lámh air, ní chreidfidh tú chomh mór is atá!’ ar sí,
Ag tarraingt mo lámh mharbh thar a brollach te teolaí
Go dtagann na méara faiteacha ar an chnapán mhór.

Gan trua gan taom,
Le dóchas is dúchas,
Cíorann siad líon idir eadrainn.
Agus luíonn mo chluasa siar faoi shó,
Ag ligint don taoide scéalaíochta éirí
Ina rabharta thar chluasa agus intinn.
Ag cuimilt croí,
Ag ciúiniú intinne…
Mo bheirt mhuileach cois cuain.
Mo bheirt aingeal óg aduaidh.

©Réaltán Ní Leannáin





Samhradh

Donostia, Bilbo, León, Maidrid,
Barcelona, Santiago, Quepos, Riaza.
Dúthracht maidine, geabaireacht is clabaireacht,
Spraoi oíche, vino, ceol is gleo,
Siesta idir eadarthu…
Boladh toitíni ar na sráideanna cúnga teo,
Talamh ruathirim, rósta, deataithe,
Bearrtha ag an samhradh, ag fanacht ar an fhómhar.
Cuimhní anois ar shamhraí eile…

Ag amharc amach ar scamaill liatha,
Ag cur cluasa le trost na fearthainne,
Samhradh seo na hailse,
Samhradh seo na hÉireann.

Ach bíonn dealán idir na ceatha -
Glórtha geala leanaí,
Naíonáin ag gáire sna gáirdíní cúil,
Gasúir ag scairtigh ar a chéile ar an tsráid,
Girseacha ag aithris is ag súgradh le téad ar an fhaiche.
Éist leo agus cuirfidh siad suaimhneas ort,
Samhradh ar an tsráid i mBaile Átha Cliath

Deireadh seachtaine sna cnoic
I dteaichín i gcuideachta madadh rua is piasún.
Ceiliúr colúr ag déanamh damhsa mall ar an díon,
Abhainn ag monabhar amuigh,
Tine ag spréachadh istigh,
Siosarnach na bpáipéar Domhnaigh,
Boladh caife.
Samhradh i gCill Mhantáin

Abhainn chaismearnach,
Crainn ag osnaíl,
Piasún ag cleatráil,
Péacóg ag lúlú,
Madadh rua faoi chrann,
Luchóg mhór faoi dheifir,
Spéir ghlan, spéir gheal,
Samhradh in Éirinn.

©Réaltán Ní Leannáin





Comhrá liom féin

Níl an ceann seo ach trí sheachtain d’aois…
Bhí an ghrian ag soilsiú an lá a cheannaigh mé é seo…
Aon uair amhain a chaith mé an gúna seo…

Rinne an ceann seo dualgas dom sa Spáinn agus sa bhaile – nuair a tháinig an ghrian chugainn – tá sé seanchaite…
Ach is beag orm á chur sa mhála plaisteach dubh…

Thaitin an ceann seo leatsa ariamh…
Níor chaith mé an ceann seo go fóill, fiú,
Bhí mé ag fanacht ar an ócáid speisialta…

Siosarnach an mhála
Ag ceilt suaitheadh mo chinn.
Ag caitheamh amach mo chuid éadaigh
An oíche roimh dhíchíochadh.

©Réaltán Ní Leannáin





Ar an Bharda Sceana 

Gol na gcíocha gearrtha.
Caoineadh ciúin sa dorchadas.
Linn féin.

Gan chéile,
Gan chlann,
Gan chúram,
Muid féin lenár machnamh dorcha,
Gruama.

Ar leathchíoch,
Ar ainchíoch,
Nó ag fanacht
Ar an scian.

Siúracha siúráilte
Ag dáileadh piollaí suain,
Nach ndéanann feidhm
Don imní ná don chumha.
Ní dhéanfaidh faic feidhm anseo
Ach am.

©Réaltán Ní Leannáin





Ag siúl isteach in MacMillan 

Cos, cos eile, a haon, a dó.
Cos, cos eile, a haon, a dó.
Siúil,
Siúil,
Siúil, a rún,
Isteach san ionad ailse.

Ach níl mé tinn, a haon, a dó.
Níl rud ar bith cearr, a haon, a dó.
Níl,
Níl,
Níl, a rún.
Isteach an doras gloine.

Deor, deor eile, a haon, a dó.
Deor, deor eile, a haon, a dó.
Preabadh croí,
Preab,
Preabadaigh,
Cluasa bodhraithe le heagla

Anáil isteach, a haon, a dó.
Anáil amach, a haon, a dó.
Isteach,
Amach,
Isteach amach,
I lár an tsaoil seo go gasta

Deora troma, a haon, a dó.
Guth gan ghlór, a haon, a dó.
Ciúin,
Ciúin,
Ciúin, a rún.
Anseo i dteach na hailse

Súile séimhe, a haon, a dó.
Lámha lácha, a haon, a dó.
Glórtha cneasta, a haon, a dó
Seo, seo, seo…
Seo, seo, a rún.
I dteach na hailse feasta.

©Réaltán Ní Leannáin




Na focla

’Tá mé ag smaoineamh ort…’
’Tá tú i mo phaidreacha…’
‘Má thig liom rud ar bith a dhéanamh duit…’

I gcroílár an dorchadais
Agus tadhall láimhe de dhíth,
Nó barróg,
Nó focal caoin,
Tá níos mó ná focla de dhíth,
Agus mé ag breathnú aníos
Trí cheobhrán an chemo.

‘Táimid tuirseach faoi seo,
Tá tú tamall as ár láthair.
Déanaimis dearúd duit
Go dtaga tú ar ais chugainn beo.’
Nó leanann an saol,
Ní fhanann an saol
Ar mhaille an tinnis.
Tá rudaí le déanamh,
Tá borradh le faobhadh,
Acu siúd i measc na bhfollán.

Chreid mé sna focla,
Ach bhí mé meallta.
Níl am le spáráil ag an lucht corpshaibhir,
Ag an drong mórfhuinnimh,
Ag an dream lánsaoil.

Agus dílleachtaí na drochshláinte,
Bímis beo ar na focla -
Comhbhrón...
Rath Dé ort…
Tharla sé don bhean eile seo…
Beidh sé dian ort…
Beidh sé dian ort …
Beidh sé dian ort…

Agus tá.
Agus bhí.

©Réaltán Ní Leannáin




Bearradh 

Ribí nimhneacha
Ag titim go fras
Ina bpunainn,
Leisc roimh an bhlagaid
Ag iompú ina leisc
Roimh an bhlaosc phianmhar nimhneach.

Níl ailse orm
Nuair atá me ag caint le daoine.
Bhí ailse ionam
Gur ghearr siad amach í,
Gur chuir siad ceimicí ina háit,
A rinne tinn mé,
A dhéanfas tinn mé tamall eile,
Go cionn tamaillín.
Ach tá an saol gearr
Agus imeoidh an mhúisc seo
Agus beidh mo shaol gearr ar ais agam.

Ribí ar an urlar,
Carn beag
In onóir na sláinte.
An rasúr
Ag sciorradh,
Ag cur deiridh
Le ré na flúirse.
Fómhar bainte
Snip.
daoine ag siúl ar an tsráid,
gan an dara spléachadh.
Snip.
daoine ag caint liom mar a bheadh duine fásta ionam.
Snip.
daoine ag plé liom go réchúiseach.
Snip.
ag siúl i measc daoine go hanaithnid.
Snip.
mo shaol mar a bhí.
Snip.

Ach seo mise go fóill,
An mise a bhí ann roimhe,
An mise a dhéanann dinnéir réidh don chlann,
a dhéanann liostaí don siopadóireacht,
a ghlanann an folcadán,
a níonn is a thriomaíonn éadaí,
a bhronnann barróg ar an mhadadh,
a chuireann an cat ag crónán le cuimilt,
a thugann comhairle do na daoine óga
(Cuma an éisteann nó nach n-éisteann).

Ach ní ise atá ann anois i súilibh dhaoine,
Ach an duine eile sin…
An duine tinn.
An bhean bhlagaideach.
Méara páistí agus súile móra dhaoine móra
Ag díriú ar an chuid is lú
Den mise.

©Réaltán Ní Leannáin





Téarma nua 

Spleodrach scléipeach,
Buacach béalbhinn,
Fuinneamh ó thóin go cár!
Ag beicíl,
Ag screadaíl,
Lán óil
San oíche,
Ag lonnrú i gcéin
Faoi bhun mo neid.

Beag an bhearna an téarma seo
Idir scáth an bheatha is báis,
Nó  mar sin is léir,
Is mé faoi leigheas
A mharaíonn idir chara agus namhaid.
Leigheas lán nimhe,
A sciobann dóchas,
A nochtann feoil bhlagaideach bhán.
Is iad siúd nach fios,
Beag beann, ar bís,
A mbliain faoi bhláth.
Ná feoitear!

Blianta eile is mise
A chumfadh cumann,
A chruthódh caidreamh leo,
De lá glé geal, sa rang.
Ach ní hann an tráth seo domsa,
Ach éisteacht le fuadar na hoíche
Is cuimhniú ar laethe a bhí.

©Réaltán Ní Leannáin





Folt 

Tá folach mo náire imithe,
An folt a chlúdaigh m’anam ón domhan mhór.
Folt ar chaith mé airgead air,
Folt ar chaith mé cúram air,
Folt a ndearna mé neamhaird air,
Is anois tá sé imithe.
Mo nochtú go smior,
Comhartha galair doshéanta,
Bratach ar foluain don trua agus don eagla.

Sciorrann súile uaim go faiteach,
Aiféaltas roimh mo náire,
Náire a chlúdaím
Le nach leáfaidh m’anam
Amach tríd an chraiceann bhándearg
Agus síos tríd an ghág sa chasán romham.

Is tá bréagfholt ina áit.
Folt níos finne.
Ribí díreacha.
Gan breac ar bith ann.
Agus stráinséar i gcónaí foirfe
Ag stánadh orm ón scáthán amach.

Agus coinním súil amach
Do na bréaga eile
Ar an tsráid...
Ag stad an bhus...
I siopaí...
Folach náire a théann anamacha dhaoine eile
Agus a chuireann stop leis an stánadh,
Le ceisteanna leanaí,
Le fearg ár bpáistí,
Le teitheadh fir,
Le fáisceadh ban,
Le deora carad.

©Réaltán Ní Leannáin





Tinn tuirseach 

Thréig siad mé nuair a d’éirigh me tinn,
Thréig siad mé roimh an tsamhradh
Is ní fhacthas iad ó shin.
Thréig siad mé don obair,
Don chuideachta is don dua.
Thréig siad mé le leithleas,
Le faitíos is le trua.

Ní dóigh leo siúd gur tréigint é,
Iad siúd i lár dhaoine fós.
Ní thuigeann siad an oíche bhalbh
A thugann drud on doras.

A saol lán fuinnimh,
Saol lán craic,
Cuideachta, tae is daoine.
Sa seomra foirne,
Sa seomra ranga,
Ag tabhairt amach do pháistí.

Is mé féin?
Leisc mo lámh a chur in airde,
Tréan eagla i mo chroí,
Ar fhaitíos go bhfaighidh mé freagra mícheart
Ó lucht m’iarshaoil,
Lucht sláinte.

©Réaltán Ní Leannáin





Cóisir

‘Nach iontach gur tháinig tú’
‘Goitse, tá a fhios agam faoi seo, bhí sí ar mo mháthair…’
‘Tá do ghruaig go halainn!’
‘Tá tú an-mhaith teacht.’
‘Cogar, tuigim do do chás, tharla sé do mo mháthair mhór…’
‘Tá do ghruaig go hálainn, is maith liom an dath!’

Agus nach maith gur tháinig an cailín óg ólta
Gan aithne orm
A mhol mo ghruaig álainn-se
Agus a labhair faoi judo
Is faoi pholaitíocht
Agus nach ndearna tagairt don ghalar
Mar ní raibh a fhios aici.
Agus shíl sí go raibh mo bhréagfholt go hálainn.

©Réaltán Ní Leannáin





A bhanaltra dhána 

Labhair liom,
Ná hinis.
Éist le m’fhocail,
Ná hordaigh.
Tá a fhios agam,
Tá tú tuirseach,
Cantalach.
An dís againn faoi bhrú, mar sin

Drugaí dáilithe agat.
Trí huaire sa chathaoir uilinn,
Línte ar snámh amach asam,
Nimh ag sileadh isteach,
Deor ar deor.
Agus tusa, a altra, an t-íospartach.
Cinnte.

D’fhill mé abhaile gan chuimilt,
Gan chiúiniú, gan chomhairliú,
ach do chantal i mo chluasa.
Aingeal, mo thóin.
Fearg i mo chroí
Ag siúl tríd an fhearthainn,
Samhradh seo na fliche...
B’é sin atá ag cur isteach ort?
Do do dhéanamh neamhairdeallach?

Ná bac leis an chlaochló aimsire,
Tá fadhbanna níos measa ann,
Níos troime ná na deora
Ag titim ar do cheann.

©Réaltán Ní Leannáin






Dubh dóite 

Dubh dóite, dubh dóite, dubh dóite, dubh dóite,
Dubh dóite, dubh dóite, dubh dóite,
Le lianna, le haltraí, le ceisteanna liachta,
Le ceisteanna pearsanta, le ceisteanna dobhránta,
Comhrá chun mé a mhealladh a chaint
Le go measfaidh siad m’fhonn agus mo spion.
Dubh dóite, dubh dóite, dubhdóite.

Agus an tost beag
Sula ndéantar iarracht ar m’ainm.
Léimim isteach ann, chun iad a shábháilt
Ón taoide guta is consan neamhghnáthach.
Chomh maith agam bheith ar an ghealach.
Ach seo mé i mo bhaile dhúchais.
Dúdóite, dúdóite, dúdóite,

Dubh dóite leis an chomhrá síoraí céanna
Nuair a chluin siad an tuin i mo ghlór
‘Cérb as thú ó dhúchas….’ a deir na hUltaigh seo liom.
‘Anseo’ a deirim, Ultach eile, ar ais leo.
Sula lainseáilim bád scéal mo bheatha…arís….
Gearrtha agus gonta go dtí go bhfuil se ina churach.
Dubh dóite, dubh dóite, dubh dóite.

Dubh dóite leis na lipéid bheaga
A chuirtear ar gach rud.
B’é seo mise, i ndeireadh na dála?
Ainm, seoladh agus dáta breithe?
Dubh dóite, dubh dóite, dubh dóite!

Dubh dóite den tinneas,
Dubh dóite den leigheas,
Dubh dóite den liachoinne.
Ag fanacht leis an lá
A mbeidh saol ar ais agam.
Ag fanacht leis an lá
A mbeidh deireadh leis an phríosúntacht...
Agus nach gá an curach a bhreith liom.

©Réaltán Ní Leannáin






Barda an bháis 

Geonaíl ón leaba ag sleamhnú aníos,
Macalla a dhéanann bean eile thíos.
Mionrud le socrú ar mo chorp teann téagair,
Mórbhás ag teacht chuig an bhean faoi léigear.

Screadaíl sa phasáiste,
Othar nó gaol?
Caoineadh nó pian,
Géilleadh nó gabháil?

Agus mé im’ oileán beag solais go soineanta,
Ag fanacht ar chóiriú mo bhindealáin bhig shuaraigh,
Faitíos is eagla orm
Is mé i láthair an bháis.

Shíl mé gur thuig mé cás seo an tinnis
Ach a mhalairt atá fíor.
Ag súgradh ar an imeall atáim,
I gcomórtas le mórthrodairí na hailse
Atá i ngleic leis an chath i ndáiríre
Ar bharda seo an bháis.

©Réaltán Ní Leannáin





An ceathrú hurlár 

Tip-tap, tap-tap
Tapataí tap-tap
Tap, tap.
Sálaí arda ar phlainceanna adhmaid
San árasán
Ar an urlár thíos fúm.

Tip-tap, tap-tap
Tapataí tap-tap
Tap, tap.
Faoileán ag dul ar strae
Ag m’fhuinneog ar an cheathrú hurlár.

Monabhar maol
De lá is d’oíche
Agus cloigíní dorais
Thíos.
Agus mise i mo shuí
Ag stánadh ar dhíonta
is ar shimléir,
Ó m’uaigh ar an cheathrú hurlár,
Is mé ciúin.
Gan ghíog,
Gan bhorradh.

Tip-tap, tap-tap
Tapataí tap-tap
Tap, tap.
Éadóchas agus uaigneas
San árasán ar an cheathrú hurlár.

©Réaltán Ní Leannáin




An bhrídeog 

A aoi, a aoi, a aoi na dífháilte,
Blaoscaideach, blagaideach, míchompord, ó.
A aoi, a aoi, a aoi na mí-ailse,
Ná tarraing do mhí-ádh
Ar mo bhainis, ó

A bhrídeog, a bhrídeog, ar mhill mé do lá-sa?
D’éirigh mé amach as mo bhosca-sa, ó.
A bhrídeog, a bhrídeog, ná hamharc i mo threo-sa,
Is guí le do dhia
Bheith folláin go deo.

A theaghlaigh, a theaghlaigh, ní maith libh mo bhlagaid,
Go faiseanta, paiseanta, fionnuar-sa, ó.
A theaghlaigh, a theaghlaigh, ná hamharc ar mo chás-sa,
Ar eagla na heagla
Go scriosfainn an só.

A mhuintir an bhainis, bainig’ sult as an oíche,
Taitneamh is aoibhneas is tairbhe, ó.
Ní taibhse go fóill mé,
Ní cúis fós bheith buartha,
Ní corp mé, ná baol air, a lucht ragairne, ó.

©Réaltán Ní Leannáin




Féar úr 

Féar úr ar an pháirc bhán bhog
Ag luascadh le gach siorradh beag gaoithe.
Comhartha den nua,
Dóchas don todhchaí.
Corr-ribí isle ag gobadh aníos.
Bearnaí le líonadh
Idir bheag is mhór
Air seo, mo chloigeann bocht.

Ribí ar ladhra,
Cúis lúcháire.
Rud chomh gnáthúil
A bhí in easnamh le fada,
Ag pilleadh le crá a thuar,
Ach a mhalairt an iarraidh seo,
Áthas.

Ísliú feirge,
Ardú brí,
Bláthú anama.
Ar ais,
Faoi dheireadh.

Leanann na deora leo
Ach is deora eile anois iad
Gan nimh iontu
Ach iad goirt
A sheolfas an curach amach chun na farraige móire
Faoi dheireadh

©Réaltán Ní Leannáin




Earrach 

Grianstad sroichte,
Súlach ag pilleadh.
Earrach mo choirp
I ndiaidh geimhreadh na feirge
Is an ghoil.
I ndiaidh fásach an leighis
Tá dealán an tsláinte
Ina thuile arís.
Grianstad sroichte,
An folús á líonadh.
Súlach ag pilleadh.
Earrach mo choirp
Faoi lánseoil anois.

©Réaltán Ní Leannáin




An trí ní 

An trí ní is ansa leis an duine tinn:
Barróg chionmhar,
Leigheas fíochmhar,
Mionchuairt mhinic.


4 comments:

  1. Tá na focla sin go hálainn, a chara dhil!

    Barróga cionmhara ceanúla uaimse chugatsa inniu, agus chuile lá beo, a Réaltán - tá Ceann Scríbe anseo, ag fanacht ar an mionchuairt mhinic úd..;-)

    Go n-éirí go geal leat ar an Luan - cén t-am a bheas an clár le cloisteáil/feiceáil?

    ReplyDelete
  2. GRMA as oíche dhorcha an anma agus an choirp a roinnt linn.

    Dearna leat.


    Fearn

    ReplyDelete
  3. GRMA as do thuras a roinnt linn. Tá na focail thuas fréamhaithe go domhain.

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agat as na dánta seo.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.