Saturday 28 June 2014

Maigdiléanaigh



Bhí léirsiú taobh amuigh den Dáil inniu ar leath i ndiaidh a cúig in onóir agus i gcuimhne na Maigdiléanach agus na dtachrán a uchtaíodh, a fuadaíodh, a ndearnadh neamhaird orthu agus a fuair bás dá réir. Muna raibh daoine in ann bheith i láthair, iarradh orthu coinneall a lasadh. Rud a rinne mé. Agus macnamh beag a dhéanamh.


1 comment:

Note: only a member of this blog may post a comment.