Tuesday 22 July 2014

An t-am a bhí ann

1969
Tháinig mé ar an ghrianghraf thuas agus mé ag brabhsáil ar an idirlíon. Comóradh ar Harry Thornton a bhí ann, i Lúnasa 1969 i mBéal Feirste. Fear neamhurchóideach ar a bhealach chun a chuid oibre. Scaoileadh agus maraíodh é nuair a shíl saighdiúr sa bheairic ar an bhóthar seo gur urchar a bhí i gcúltortadh a rinne a charrsa. Tá níos mó eolais ar an eachtra ANSEO.

Chuaigh mé ar scoil thart an cornéal ón áit seo. Ón bheairic sin. Bunscoil cúpla sráid thíos, agus ardscoil díreach buailte leis. Thosaigh mé ar an ardscoil cúpla bliain ina dhiaidh seo. Bhí na Trioblóidí in ard a réime faoin am sin, agus scoilt iomlán idir na húdaráis oifigiúla agus muintir mo phobail.

Bhí olc ar na sráideanna an t-am sin, ach bhí olc taobh istigh chomh maith. Nuair a bhíonn tú i do pháiste ní fheiceann tú na rudaí a fheiceann daoine móra. Má tá tuismitheoirí maithe agat - mar a bhíonn ag ár mbunús - déanann siad iarracht tú a choinneail ó gach olc. 

I mo scoilse féin, mar shampla, bíodh is nach raibh a fhios agam féin ag an am, bhí olc ann. An scoil a bhí suite cúpla céad slat ón áit ar maraíodh an fear thuas. Mar bhí, fear darbh ainm Brendan Smith, sagart agus fear seilge leanaí.

http://en.wikipedia.org/wiki/Brendan_Smyth_(priest)

Nuair a tháinig tuismitheoirí chuig an scoil ag gearáin faoi, le linn mo chéad bhliain ar scoil ansin, ní raibh a fhios agam. Ní raibh a fhios ag tuismitheoirí eile, fiú. Coinnítear na cúrsaí seo ciúin. Ní raibh a fhios agam gur tógadh siar amach ó theagmháil leis na leanaí ar feadh tamaill ach gur cuireadh ar ais arís é. Ní raibh a fhios agam go leanfadh sé leis go cionn cúpla bliain eile chomh maith. Mar níor inis páistí ná tuismitheoirí a gcuid scéal. Bhí eagla orthu. Agus náire. Agus lena chois sin, cen mhaith a bhí ann? Ní raibh an scoil chun scaoileadh leis. Ná bígí amaideach. Sagart é. Pearsa mór le rá. I mbéal an phobail.

Cén tuismitheoir a bhí ag gabháil a shiúl suas chuig geata na beairice le gearain a dhéanamh, an t-am sin? An bheairic a scaoil Harry Thornton cúpla bliain ó shin, an bheairic a bhí ag coinneáil cosmhuintir na bhFál faoi chois ó shin. Bhí olc príobháideach ar na sráideanna an t-am sin, sa mhullach ar éagóir an chomhraic phoiblí. Dol ceart.

 Tháinig mo laethe scoile chun cuimhne agam agus mé ag breathnú ar an íomhá thuas. Bhí siad maith go leor, i gcomparáid le laethe scoile leanaí eile a bhí ar scoil liom. Leanaí eile a  choinnigh rún mór míofar istigh ina gcroithe cráite gach lá den téarma. Cuirim leithéidí Brendan Smith agus 'na hÁrais do mháithreacha gan mhaith' le chéile i m'intinn i gcónaí. Agus dochtúirí a réab cnámha ban, leis.  Tá siad ar an speictream céanna drochíde agus céimlathais sa sochaí seo. Fuair siad tacaíocht údaráis ina gcuid gníomhaíochataí. Ach tá a rúndacht á nochtadh. Anois tá an seans ag an rialtas ó dheas roinnt daoine a scaoileadh saor ón dol sin inar mhair siad leis na blianta. Déantar é sin go dea-chroíoch agus gan ró-mhoill. Déantar beart.



2 comments:

  1. Is cuimhin liom a bheith ag féachaint ar na feasacháin nuachta ar an teilifís sna laethanta úd. Nochtadh bunfhírinní na staire go grod sa tréímhse sin ar deineadh dearmad "caoithiúil" orthu cúpla bliain ina dhiaidh sin - sa deisceart ar aon nós.

    Maidir leis an mbodach thuas: ba mheasa fós coireanna an tsealgaire páistí úd ar an ábhar go raibh a phobal féin chomh mór sin faoi bhrú.

    Nuair a bhíodh an eaglais chomh dian sin ar an bpobal mar gheall ar an rud ba shuaraí amuigh, ba bheag dá chuimhne a bhí againn go raibh, ina dhiaidh sin agus uile, cumas maithiúnais as cuimse sa chléir (nár baineadh úsáid as, áfach, ach amháin nuair a bhíodh coireanna uafásacha a gcomhghleacaithe féin i gceist.)

    ReplyDelete
  2. feictear dom go bhfuil athrú mór ó dheas i ndul chun cinn feasachta mar gheall ar na cúrsaí seo go ginearálta - níl daoine sásta tacú le hinstitiúidí dá leithéid níos mó. Mar an gcéanna ó thuaidh - ach go bhfuil castacht sa scéal mar gheall ar dhá thréibh bheith i ngleic le chéile - níl daoine sásta an taobh 's'acu' a ligint síos agus fulaingíonn iad siúd a ndearnadh dochar daofa mar gheall air seo. Ach de réir a chéile tá cúrsaí ag athrú.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.