Saturday 9 August 2014

Gin gan Smál, oibriú gan eitic



Tá dhá phóstáil idirlín a chuaigh i bhfeidhm orm níos tréine ná aon cheann eile le cúpla lá anuas.

Alt amháin acu ná póstáil ó bhlag Béarla, Mind  the Baby. Cur síos atá ann ar bhreith a tharla cúpla bliain ó shin, ina ndearnadh aimneatóine ar an bhean ag tús a saothar clainne. Déantar poll sa tsac  aimnianach le biorán, agus cuireann sé seo luas agus fórsa leis an phróiseas breithe. Deir an bhean nár iarradh cead, deir an bhanaltra gur iarradh.

Chuaigh sé i bhfeidhm orm mar bhí aimneatóine orm féin le mo chéad pháiste, beagnach tríocha bliain ó shin. Níor iarradh orm ach síniú ag bun leathanaigh nuair a tugadh isteach chun an ospidéil mé. Thug an síniú seo cead a gcinn don lucht ospidéil a rogha rud a dhéanamh as sin amach. Cead ginearálta. Cead iomlán. Mar ní fhéadfaí bheith ag súil le ciall ó bhean a bhí i bpian, agus ní fhéadfaí bheith ag súil le plean breithe a fhorbairt roimh réidh. Níl mná iontaofa.

I mo chás féin, níor oibir an t-aimneatóine mar a ceapadh, agusrinneadh rudaí eile le mo pháiste doicheallach a mhealladh amach chun an tsaoil. ('Mealladh', a deirimse, ach tarraingt a bhí ann. Le fórsa.) Ach an rud a chiapann mé agus mé ag léamh an scéala seo ná gur moladh dom féin, na blianta fada ó shin,  ainéistéisach eipeadúrach a ghlacadh. Mar go raibh mé chomh beag, bíodh a fhios agat. Agus mar go gcuirfeadh an t-aimneatóine le stró an tsaothair. Agus, agus, agus... Ach chaithfinn m'intinn a dhéanamh suas go gasta, mar ní fhéadfaidís fanacht. Ar ndóigh, bean óg, a chéad phaiste agus beirt dhochtúir agus banaltra ina seasamh thart uirthi. Cé a bhí ag gabháil a dhiúltú?

An lá a d'fhág mé an t-ospidéal dúirt duine de na banaltraí go bródúil -
'Ó, tá siad ag déanamh taighde ar ainéistéiseach eipeadúrach san ospidéal seo. Táimid ag déanamh go mbeidh clú orainn mar gheall ar thorthaí na taighde seo nuair a bheas go leor ban sa staidéar againn.'
Rud nár dúradh liom roimhe. Eitic?



Alt eile ná colún le Jacky Jones, ag scríobh san 'Irish Times'

Cuireann sí ceist, mar gheall ar na 'maithreacha singil' ar fad sna blianta atá thart agus i láthair na huaire - cá bhfuil an t-athair? Níl a leithéid ann agus máthair shingil. Caithfidh athair bheith ann chomh maith. Cá raibh na fir a thréig na mná seo? Cá bhfuil siad, le gach ginmhilleadh a dhéantar thall i dtíortha eile?

San am atá thart, níl aon dabht ná gur oibir mores na sochaí Caitlicí seo ar fhir  mar an gcéanna leis an dóigh ar oibir siad ar mhná - le teann náire. Munar phós siad an bhean, bhí an bheann torrach le cur i bhfolach. Agus má bhí siad chun a gclú féin a chaomhnú, choinnigh siad a mbéal dúnta druidte.
Agus ar ndóigh, bhí na fir eile ann a bhí pósta ar mhná eile cheana. Bhí na sagairt ann chomh maith, a d'úsáid mná mar a úsáideann manaigh Bhudacha iad, mar fho-neacha gan úsáid. Bhí fir ann a bhí ag iarraidh a gcuid mianta a shásamh gan freagracht (táthar ann go fóill, ar ndóigh).

Ach sa lá atá inniu ann nach bhfuil sé in am do na fir a bheith ainmnithe agus náirithe muna seasann siad le torthúlacht a gcuid gníomhartha? A bhuí mhór le Mor, tá go leor den náire imithe. Tá mná ag siúl na sráideanna agus a gcúram leo go hoscailte, bródúil. Mar is ceart. Ach tá na meallairí agus na feallairí ann i gcónaí, agus beidh, go dtí go n-aimnítear iad. Ceacht féinmhuiníne 101.

 Agus ar ndóigh, nach bhfuil sé in am ag mná smacht a bheith acu thar a gcoirp féin. Ní dhéanaim leithscéal. Ní fheicim cén fáth nach féidir le bean smacht a bheith aici thar a broinn féin, bíodh féatas i gceist nó páiste ar a b(h)ealach amach as an bhroinn chéanna. Taimid chomh holc leis na manaigh Bhudacha sin a mbíonn caidreamh collaí acu le 'fo-neacha' - mar sin, ní peaca atá i gceist -  má deir muid gur féidir smacht bheith ag na húdaráis ar choirp ban ar shlí nach bhfuil smacht acu ar chorp fir. Ach níl mná iontaofa.

10 comments:

  1. D'aontóinn leat faoi smacht ar a corp a bheith ag bean, agus freagracht a bheith ar athair linbh. Ach nuair atá an dara chorp i gceist, ceist eile.

    ReplyDelete
  2. tuigeann tú faoin am sin nach n-aontaím leat, a Aonghuis, ar an phointe sin. Ní corp é,dar liom, sna laethe luatha. Ach ní aontóimid inniu ná amárach air sin. Ach an dímheas ar mhná, agus an fhimínteacht seo faoi choirp ban a théann tríd an sochaí go smior, cuireann se sin isteach ar go leor daoine araon. An rí-rá a thógtar faoi liúntaisí mháithreachais agus saoire mháithreachais, mar shampla. Amhail is nach bhfuil athair ag an leanbh, a íocann cáin chomh maith isteach sa chiste náisiúnta. Agus a bheadh sásta am a chaitheamh leis an pháiste agus an saoire a roinnt leis an mháthair. Ach níl mná iontaofa, ní fhéadfaimis iad a ligint ar ais ag obair nuair atá na hormóin ar obair... Cén Ghaeilge ata ar Catch-22?

    ReplyDelete
  3. Tuigim.
    Ar an gceist faoi saoire máithreachais, gan trácht ar an mbealach a ndéantar fadhb leighis faoi smacht dochtúra mórtasach den bhreith, sílim go bhfuil muid 100% aontaithe!

    Bhí sé d'ádh orm gur rugadh mac amháin liom i "Geburtshaus", i. teach ina bhfuil a cleachtas ag bean glúine, agus ba thaithí i bhfad níos fearr é sin ná an dá breith eile, in ospidéil. An chéad bhreith ceal tuisceana agus muiníne againne - agus cionn is go raibh cúpla fadhb le linn an toirchis. An tríú bhreith de bhrí go raibh muid abhus arís agus gan an dara suí sa bhuaile againn ach dul ag ospidéal agus faoi smacht.

    ReplyDelete
    Replies
    1. Níl mé in éadan breith ospidéil, a Aonghuis. Tuigim go bhfuil saineolas ag lucht leighis. Ach tá an dearcadh ann nach bhfuil an bhean (agus an t-athair) in ainm is bheith páirteach sa phróiseas bainistíochta a bheag ná a mhór in go leor barda máithreachais go fóill. Tú féin a dúirt é - 'faoi smacht'.

      Delete
  4. Ó, agus seachnód mo racht a ligeann faoi fir a scaipeann síol ach nach nglacann freagracht....

    ReplyDelete
    Replies
    1. táthar ann go fóill, faraor. Agus glacaim leis go bhfuil fir mhaithe ann nach ndiúltaíonn don fhreagracht. A bhuí mhór le Mor.

      Delete
  5. Maith thú fhéin, a Réaltáin, is maith leat na hábhair móra morálachta!

    Sílim fhéin go bhfuil an-dul chun cinn déanta ag an aos leighis ó rugadh marbh formhór na bpáistí, agus ba mhinic a bhfaighfadh an mháthair bás de dhroim breithe fosta. Ní sé ach le 100 bliain anuas sa chéad domhain ó thosaigh ráta mhoirtlíocht leanaí ag dul i laghad go mór, agus tá leanaí á mbreith leis na cianta cearbreacha. Sílím go bhfuil moladh le dul ag an aos leighis.

    Ceist eile a ngiúlán. Cad tá le déanamh le linn práinne? nuair a eascraíonn guais? nuair atá baol marfach ag bagairt?
    An cheist a phlé go mion. Síniú ceadaithe le fianaise aturnae?

    I bhfad uaim dúcheist mar sin.

    Agus cuireann tú isteach leis sin freagracht na dtuismitheoirí i leith a bpáistí, le seachród bealach manach Bhúdaíocha agus na hEaglaise Caitlicigh, sceilpín gaabhair gach Éireannaigh sa lá atá inniu ann.

    In ainm Chroim, cá bhfuair tú an scéal i leith na manach Bhúdaíocha agus an mar eisceacht é nó norm?

    Maidir le tideal d'ailt, cén baint atá le alt chreidimh diagachta , a maíonn go rugadh aon duine amháin gan pheaca an tsinsir, le hábhar?


    Le gach dea-ghuí,

    Fearn

    ReplyDelete
    Replies
    1. @Fearn, nach maith mar a bhí a fhios agam go mbeadh an fear/bhean/scata daoine anaithnid ag teacht sa tóir ar an mhéid seo! Bratach dearg... tarbh...

      Rugadh formhór na bpáistí marbh, a deir tú? Fuair a bhformhór bás ina dtachráin, cinnte, ach níor rugadh marbh iad.

      Níl práinn ná diúlán i gceist ag an chás thuas (Mind the Baby), más mian leat é a léamh.

      Tá an scéal faoi na manaigh Bhudacha le fáil go forleathan. Ach mar thús, léigh Dawkins (bíodh is go mbíonn a theanga rud beag drámatúil). Bíonn striapaigh in úsáid go rialta ag na seicteanna sin den bhudachas nach gceadaíonn caidreamh collaí. Ach deirtear nach neacha iad na mná (agus na buachaillí óga) seo agus mar sin de ní peaca é.

      Léigh, Fearn. Léigh. Agus inis dúinn cé thú féin. Má tá tú morálta go leor leis sin a dhéanamh. Ar a laghad, níl mé féin á Aonghus ná daoine eile a fhágann trácht ar na blaganna éagsúla, níl muid i bhfolach taobh thiar d'ainm cleite.

      an teideal? Léigh an t-alt le Jacky Jones. Chuir mé an nasc ar fáil.

      Delete
    2. Mionrud maidir leis an dteideal, an mí thuiscint (sa bhun alt freisin) faoi "Giniúint gan Smál (i. Muire saor ó pheaca óna coimpeart) & nach raibh athair daonna ag Íosa - teagasc eile ar fad. Ach tá an botún forleathan.

      Delete
  6. A Réaltáin,

    " nach maith mar a bhí a fhios agam go mbeadh an fear/bhean/scata daoine anaithnid ag teacht sa tóir ar an mhéid seo! Bratach dearg... tarbh..."

    Ó, bhí ag súil le ciúnas, b'fhéidir :-)

    "Rugadh formhór na bpáistí marbh, a deir tú? Fuair a bhformhór bás ina dtachráin, cinnte, ach níor rugadh marbh iad."

    Tá ráta ard breitheanna anabaí in Éirinn an lá inniu, agus sé mo thuairim, go bhfuil an fíor uimhir níos mó ná mar a chuirter síos dó. Glacaim go raibh sé ní b'aoirde nuair nach raibh an cóir leighis chomh maith agau atá sé anois, nuair a bhí galair ní b'fharsainge agus nuair nach raibh daoine ag fáil an cothú ceart, Fiú i mo theaghlach fhéin, tá sé amuigh ar theaghlaigh mo sheanmhuintire go raibh breitheanna anabaí orthu.

    "Níl práinn ná diúlán i gceist ag an chás thuas (Mind the Baby), más mian leat é a léamh."

    Ní dearn mé tagairt don chás seo.

    "Tá an scéal faoi na manaigh Bhudacha le fáil go forleathan. Ach mar thús, léigh Dawkins (bíodh is go mbíonn a theanga rud beag drámatúil). Bíonn striapaigh in úsáid go rialta ag na seicteanna sin den bhudachas nach gceadaíonn caidreamh collaí. Ach deirtear nach neacha iad na mná (agus na buachaillí óga) seo agus mar sin de ní peaca é."

    Níl fhios agam faoi Dawkins, ach is iomaí manach Búdaíoch a bhuail mé leis agus lei), agus is aisteach liom nár luaigh siad é. Forleathan, a deir tú, gan ach "fianaise" Dhawkins a lua, agus is dóigh nach bhfuil ba le chur trasna an abhainn aigesan. An bhfuil seo ar aon dul agus an suainseán chéanna a bhí sa timpeall faoi manaigh san Eoraip sna laethanta a bhí agus a thug leithscéal don Ochtú Annraoi Shasana a maoin a ghoid? Chuirfeadh sé iontas orm muna eisceacht é seo, ach fanfaidh mé don fhianise uile agat.

    "Léigh, Fearn. Léigh."
    Bím ag léamh liom

    " Agus inis dúinn cé thú féin."
    Cé mise ach Fearn?

    " Má tá tú morálta go leor leis sin a dhéanamh."
    Baineann morálacht le aithint na maithe thar an tOlc. An síleann tú go bhfuil m'ainm go holc?


    " Ar a laghad, níl mé féin á Aonghus ná daoine eile a fhágann trácht ar na blaganna éagsúla, níl muid i bhfolach taobh thiar d'ainm cleite."
    Cad é an daol a bhuail tú ar scor ar bith? nach bhfuil fhios agat go bhfuil stair láidir ainmneach a cleite i scríobhneoireacht na Gaeilge ? Agus dá raibh fios m'aithne agat, an gcuirfeadh seo lena deir mé nó an mbainfeadh sé de?


    "an teideal? Léigh an t-alt le Jacky Jones. Chuir mé an nasc ar fáil."
    Léigh agus chuir. Tá breall uirthi i dtaobh an nath fosta. Mar a deir Aonghus, tá an botún seo forleathan, ach tuige a mholfainn an dhaíocht.

    Ar aon nós, is i bhfad ó ábhair do bhlaig atá sinn. Is dona liom gur beag leat mo spóc a chur isteach.

    Fearn

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.