Monday 25 August 2014

Traidisiún



A leithéid de sheachtain le gabháil ar saoire. Gan liom ach an fón cliste agus gan ann ach pócaí fánacha 3G lena chois. Ba mhór an gar é, ar ndóigh. Dá mbeadh teacht éasca agam ar idrlíon agam, is dóigh liom nach mbeadh saoire ar bith agam, ag breathnú air SEO agus air  SEO agus air SEO. Agus leanfaidh agóidíocht fhad is nach bhfuil iontaobh i mná.

Ach tharla an rí-rá is an rúille búille. Agus tá sé ag tarlú go fóill. Is léir go bhfuil borradh faoi dhaoine amuigh ar na sráideanna agus ag leibhéal na meán.

Tá lúcháir orm go bhfuil borradh ann faoin deacracht a bhíonn ag mná teacht ar ghinmhilleadh. Tá sé in am againn freastal ar an fhadhb in áit a mhaíomh nach bhfuil aon ghinmhilleadh i nÉirinn. Tá. Tá easpórtáil dár gcuid fadhbanna ar siúl gach lá den bhliain ó Bhaile Átha Cliath, ó Chorcaigh, ó Luimneach, ó Ghaillimh, ó Bhéal Feirste. Ar an dá thaobh den teorainn. 

Tá sé in am againn déileáil le mná mar a bheadh daoine iontu (ionainn!) Chan soitheachsclábhaí. Ceann de na céimeanna sin ná neamhspleáchas a cheadú dúinn thar ár gcoirp féin. Beidh dosaen bean ag pácáil a gcuid málaí inniu le gabháil trasna go dtí an Bhreatain, go dtí go ndruidtear an bealach sin dúinn. Má dhruidtear an bealach sin d'Éireannaigh, mar atá an NHS thall ag maíomh, rachaidh siad áit eile - an Spáinn, nó an Fhrainc, nó aon tír eile a bhfuil an t-airgead acu íoc as.

 Leanfaidh cailíní scoile ag tógáil lá saor ar an Aoine ón scoil le gabháil trasna go Londain 'ag siopadóireacht' le Mamaí. Leanfaidh mná ag gabháil trasna 'leis na girrrls'. Breathnaigh thart ar na mná uilig i do shaol. Bíonn ginmhilleadh Éireannach ag bean Éireannach amháin as gach naonúr - i dtír eile. Má tá naonúr bean ar d'aithne agat, amharc thart.


2 comments:

  1. Duine as naonúr cinnte. Ach an mbeadh siad ar fad sásta dá mbeadh teacht ar ghinmhilleadh abhus?

    Tá taobh eile ar an scéal - http://womenhurt.ie/ agus léiríonn taighde i SAM gur faoi bhrú a déantar 60% de na ginmhillte http://unchoice.org/.

    Gan tráth ar ghinmhilleadh de bharr gur baineann atá an leanbh.

    Tá rudaí go holc anseo, cinnte, agus is gá bogadh chun nach bagairt do shaol iomlán mnaoi toirchis gan choinne. Ach ní léir dom gur réiteach ginmhilleadh, ach tuilleadh brú.


    ReplyDelete
  2. Tá mise sásta nach dearna mo mháthair ginmhilleadh orm nuair a bhí sí m'iompar.


    Fearn

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.