Monday 22 September 2014



Buíochas le hAonghus Ó hAlmhain, a chrom isteach ar Twitter ar son na mban ar maidin. D'fhoilsigh Cormac@5 ar Raidió na Gaeltachta an painéal cainteoirí. Fir ar fad a bhí ann. Dar le hAonghus, nach raibh aithne acu ar mhná le tuairimí láidre? Bhí go leor acu ar aithne aige féin. Agus d'ainmnigh sé cúpla bean acu.

Mar gheall ar an liathróid sneachta a thug Aonghus dom, bhí mé ag caint le foireann Cormac@5 trí ríomhphost. Faraor, bhí siad ag cuartú daoine do phainéal an Luain, agus beidh mé in Ongar mo thráthnóntaí Luain go cionn tamaill.

Tá siad ag cuartú mná míofara. Go leor againn amuigh ansin. Chonaic mé trácht amháin ag gearáin faoi roinnt rud a dúirt Cormac ar an aer mar gheall ar mhná. Is amhlaidh gur mhithid go mór cúpla bean le béasaí a mhúineadh dó, más ea. Agus ní hé an chéad fhear ar rith a bhéal cúpla céad slat chun tosaigh ar a intinn.

Má tá spéis agaibh ina leithéid, a mhnáibh, gabhaigí i dteagmháil leis an fhoireann agus cuirigí sibh féin in aithne daofa. Tá siad ag iarraidh painéal a chur le chéile. Agus más spéis libh a leithéid tabhair cuairt chomh maith ar Women On Air, agus gabh i dteagmháil leo siúd.



Raidió na Gaeltachta - Cearbhall Ó Síocháin ag cormac5@rte.ie

Liosta Women On Air - https://www.womenonair.ie/members/register/ 

2 comments:

  1. Mionrud: Bhí bean amháin ar an bpainéil inniu, Sharon Ní Ící, agus bhí bean amháin an seachtain ó shin (Tammy Ní Laoire, más buan mo chuimhne).

    Ach is minic gan teacht ar mhná ar pé cúis.

    ReplyDelete
  2. Agus ghnóthaigh sí go maith. Chuir mé liosta de dheichniúr chucu - agus má bhíonn gach bean acu sin in ann triúr eile a ainmniú beidh tús curtha acu le mná míofara, dana, dalba a chur amach ar na haerthonnta.
    Chuala mé an argóint chéanna - go raibh sé deacair teacht ar na mná - cúig bliana déag ó shin le clár de chuid RTÉ ar an Satharn.Arís, clár comhrá agus plé ar chúrsaí reatha. Tháinig m'fhear chéile abhaile ó bheith ag caint air leis an tauairim seo a nocht na léiritheoirí. D'fhéach mé aníos ón lón a bhí mé ag ullmhú do na páistí agus dúirt mé leis go raibh fáilte roimhe fanacht sa bhaile leo agus rachainn féin isteach ina áitse. Cromadh isteach, a fhearaibh, cromadh isteach.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.