Friday 17 October 2014

Mí na hailse - ceisteanna seafóideacha




Tá mé i ndiaidh roinnt agallamh  a dhéanamh le grúpaí raidió pobail an mhí seo. Daoine óga a chuir na hagallaimh orm don chuid is mó. Ach bhí cúpla duine níos sine i gceist, agus níl a fhios agam an é Asperger nó Aineolas a chuir orthu na ceisteanna a leanas a cheapadh:

1.
An bhfuil tú sásta nach bhfuair tú bás ón ailse?

Freagra:
Tá.

2.
An raibh do mhuintir agus do chairde ag tacú leat?

Freagra:
Léigh an bleeeeedin’ blag, agus an cnuasach véarsaíochta, a chroí. Déan do thaighde. Fanann roinnt daoine leat, tréigeann daoine eile thú, agus déanann tú cairdis nua.

3.
Conas ar mhothaigh tú nuair a dúradh go raibh ailse ort?

Freagra:
Nár léigh tú anblag seo sular tháinig muid ar aer?

4.
Ar chuidigh Dia leat ar do bhealach tríd an rud ar fad?

Fregra:
Is léir nach ndearna tú do chuid obair bhaile, a chroí. Ní chreidim go bhfuil aon dia, Dia ná Cia ann.

5.
Conas ar mhothaigh tú nuair a chaill tú do ghruaig?

Freagra:
Ó, ffs. Léigh an blagdéan taighde nó cuir na ceisteanna chugam roimh ré le spléachadh a thabhairt orthu, an ndéanfá é sin, le do thoil?

6.
An tuin urramach

Freagra:

Seo an rud a bheirim ar an tuin sin sa ghlór a thagann ar dhaoine nuair a chluin siad go raibh ailse orm. Íslíonn an ton agus labhraíonn siad go mall. Bhí mé tinn, a dhaoine, ní bhfuair mé bás. Nach bhfuil mé ag caint leat anois féin? Tá m’intinn friochta ag an chemo, cinnte, ach tá go leor de fágtha agam gur féidir liom comhrá leathchéillí a bheith agam leat go fóill.

4 comments:

  1. Ón taobh eile is gá a rá go gcuirtear ceisteanna uaireanta leis an bhfreagra a fháil, ní maith i gconaí a rá 'tá fhios agam go raibh xxx ort, mínigh dom faoi sin' agus measaim go bhfuil tú rud beag crua ar oibrithe deonacha cuid mhór de na daoine sin! An chéad cheist- an-seafóideach mar sin féin!

    ReplyDelete
  2. An ceart ag 'Anonymous' thuas. Déantar agallamh raidió chun éisteoirí a chur ar an eolas. B'fhéidir go bhfuil gach uile fhocal de do bhlag léite ag an léiritheoir. Seans nár chuala éisteoir ar bith faoi do scéal. Rud beag crua measaim.

    ReplyDelete
  3. Is é atá i gceist le clar a chur ar an aer ná chun eolas a thabirt do muintir an phobail faoi rud éigin. Na "ceisteanna seafóideacha" a chuirtear ort ná chun eolas a thabairt don phobal. Nuiar a chuireann an láithreoir ceistenna mar sin ort, níl sé ag a rá nach bhfuil taighde déanta ag an láithreoir/léiritheoir ach ag cur na ceisteanna ar son an phobail mar an cuid is mó don am ní bhíonn an eolas ar fad ag an gnáth duine agus níl an gnáth duine chun taighde a dhéanamh gach uile rud a craoladh ar gach uile clár.

    ReplyDelete
  4. Tchím nach bhfuil aon ainm leis na tráchtanna thuas.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.