Monday 8 December 2014

Áine Bean



Fuair Mamó bás an tseachtain seo caite. Bhí Mamó agus Granny againn sa teach seo nuair a bhí na páistí óg. Mamó ar thaobh mo pháirtí, Granny ar mo cheannsa. Ní raibh Gaeilge ar bith ag Granny. D'fhoghlaim Mamó Gaeilge nuair a phós sí isteach i dteaghlach 'Gaeilgeoirí' de chuid Bhaile  Átha Cliath, rud nach ndéantar go minic anois. Thug sí chuici agus shealbhuigh sí an teanga agus thóg sí a clannsa leis an teanga sin. Fiú anois, in am an ghátair nó má bhaintear stángadh as, is í an Ghaeilge is túisce a thagann chuig mo pháirtí, mar isleis an Ghaeilge a tógadh é. Tá na tuisil níos fearr agam féin agus níos snasta, ach is í an Ghaeilge an bhunchloch aige siúd. Uaithise.



Bean traidisiúnta ab ea í. Bean a chloigh leis na rialacha. Thug sí 'Bean Mhic Fhionnlaoich' uirthi féin, mar shampla, go deireadh. Bhí amantaí ann nár réitigh muid le chéile, mar is féidir a shamhlú, Ach bhí sí ariamh dílis don teanga agus bhí sí sásta go raibh an sciar s'againne de na garpháistí aici á riaradh le Gaeilge.



D'fhág sí go leor cairde ó na Teaghlaigh Ghaelacha agus Oireachtas na Gaeilge ina diaidh. Agus cairde eile chomh maith.
















 Bhí idir ghol is gháire ann ar an lá, mar is dual do shochraid i nÉirinn, ach cronófar í.









6 comments:

  1. Is oth liom do bhris.

    Fearn

    ReplyDelete
  2. Ní maith liom bhur dtrioblóid, a chara..:-(

    ReplyDelete
  3. Is trua liom do chás, a chara.

    ReplyDelete
  4. Ní maith liom bhur dtrioblóid. Leaba i measc na naoimh aici.

    ReplyDelete
  5. Ní maith liom bhur dtrioblóid; is léir go fhág sí a lorg ar an saol timpeall uirthi.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.