Wednesday 24 December 2014

Líon na bearnaí

Líon na bearnaí

Is deacair bheith sona séasúrach in amanna. 

an trácht go dona idir lucht siopadóireachta agus drochaimsir. Dá dheasca sin ní fiú gabháil fá scread asail de bhóthar mhór. Fiú leis an arán a fháil.

 Tá an t-ochtú leasú i réim go fóill sa deisceart, rud a fhágann bean óg i mbéal an bháis gan cead bás a fháil le dínit mar gheall air. 

Tá an damhsa mall ar siúl ag polaiteoirí an tuaiscirt mar is gnách. 

Ach ar an taobh eile de, tá soilse ar lasadh ar fud na háite leis an dorchadas a dhíbirt - 



Agus tá grianstad tagtha. Solas ar an bhealach! 




Thig liom cuimhniú ar an chúpla lá a bheas agam thar lear i ndiaidh na Nollag. Tirim. (Tá súil agam - is cuimhin liom sos geimhridh i Málta nuair a chuir sé d'oíche is de lá.) Dorcha gach oíche ach solas i rith an lae. Sos!




2 comments:

Note: only a member of this blog may post a comment.