Tuesday 31 March 2015

Tairiscint



Díreach i ndiaidh 'An Tairiscint' a chríochnú. Tá díomá orm. Tá díomá orm go bhfuil sé críochnaithe agam agus nach bhfuil a thuilleadh de le léamh. Ar nós 'Rún an Bhonnáin' leis an údar céanna, Proinsias Mac a' Bhaird, tá bua na scéalaíochta go soiléir síos tríd an téacs.

Tá sé deacair teacht ar an leabhar féin ar líne, ar ndóigh. Ní mar gur foilsíodh é sa bhliain 2006 ach mar gheall ar go bhfuil eochairfhocail in easnamh ag an fhoilsitheoir, Coiscéim. Nuair a rinne mé gúgláil air, tháinig an leabhar aníos tríd na hathdhíoltóirí leabhar ach ní thagann suíomh an tí foilsitheoireachta aníos.

Ní thagann aon leagan leictreonach aníos tri ghúgláil ach an oiread, Is mór an trua mar is ábhar maith laethe saoire d'aon léitheoir é seo, ar an Kindle nó aon ghléas eile, le gloine fíona ar an terrazza. Nó i mo chás-sa, le gloine fíona sa ghairdín cúil. Mholfainn don údar smaointiú ar a leithéid a chur i gcrích.

Sula ndéanann sé amhlaidh, áfach, mholfainn dó gabhail tríd an téacs - nó duine eile a fháil lena dhéanamh  - chun súil eile a chaitheamh ar an téacs. Tá earráidí beaga anseo is ansiúd, leithéidí 'cesite' in áit 'ceiste', 'amahrc' in ait 'amharc'. Na rudaí beaga bídeacha a dhéanaimid uilig agus muid ag clóscríobh ar luas. Arís, is rud é seo le tógáil leis na foilsitheoirí. Bíonn tacaíocht de dhíth ar scríbhneoir agus sin an fath go dtéann siad chuig foilsitheoir in áit an saothar a féinfhoilsiú. Is féidir féinfhoilsiú gan stró ar na laethe seo, ar ndóigh mar atá cruthaithe ag Fergus Ó Néill agus An Gael. Is cinnte go bhfuil mianach mar an gcéanna i bProinsias Mac a' Bhaird, más mian leis a chuid saothar a fhoilsiú ar líne agus a chur ar fáil do lucht léite na Gaeilge i gcríocha thar lear.

Má tá aon phointe eile ag dó na geirbe agam, sé an rud é nach bhfuil sé iomlán soiléir go bhfuil an leabhar seo suite sna seascaidí. Sílim go gcuideodh sé linn é bheith raite amach agus gan bheith ag meabhrú dúinn féin cén uair a tharlaíonn na heachtraí seo.

Nár laga Mor do láimh, a Phroinsís. Más mall domh bheith á léamh, is mithid. Thaitin sé go mór liom.

1 comment:

Note: only a member of this blog may post a comment.